Skip to main content
Normal View

An Choimisiúin Logainmneacha

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 30 April 2013

Tuesday, 30 April 2013

Questions (349, 350, 351)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

349. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéid folúntas atá sa Bhrainse Logainmneacha faoi láthair; cén grád iad; agus an bhfuil sé i gceist aige na folúntais a líonadh. [20396/13]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

350. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad é an loighic atá taobh thiar den chinneadh Coiste Logainmneacha seachas Coimisiún Logainmneacha a bheith ann amach anseo; cathain a ainmneofar an coiste; agus cad iad go díreach dualgais an choiste seo. [20397/13]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

351. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad é costas reatha an Bhrainse Logainmneacha agus an Choimisiúin Logainmneacha le haghaidh gach bliain le 5 bliana anuas; agus cad iad na costais thuartha don bhliain seo, 2013. [20398/13]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé ceisteanna 349, 350 agus 351 le chéile.

Tháinig deireadh le téarma oifige an Choimisiúin Logainmneacha ar an 11 Deireadh Fómhair 2012. Faoi réir chinneadh an Rialtais i dtaca le Plean an Rialtais um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí, socraíodh go dtiocfadh coiste saineolaithe, a d’fheidhmeodh ar bhonn pro bono , in áit an Choimisiúin Logainmneacha, agus go ndéanfaí an obair go príomha ar líne. Beidh idir seachtar agus deichniúr le ceapadh mar bhaill den Choiste Logainmneacha, i gcomparáid leis an seachtar ball déag a bhí ar an gCoimisiún roimhe seo. Tá sé ar intinn agam baill an Choiste Logainmneacha a cheapadh go luath.

Ach an oiread leis an gCoimisiún Logainmneacha, is é an príomhdhualgas a bheidh ar an gCoiste Logainmneacha scrúdú a dhéanamh ar logainmneacha na hÉireann mar a shainítear iad sin in alt 31 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 chun leaganacha Gaeilge na logainmneacha sin a dhearbhú faoi réir alt 32 den Alt.

Íocadh na táillí seo a leanas (gan costais taistil agus chothaithe san áireamh) le baill an Choimisiúin Logainmneacha ón mbliain 2008 i leith:

Bliain

2008

2009

2010

2011

2012

Iomlán na dtáillí

€16,520

€8,820

€24,780

€22,260

€8,680

Is foireann de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta iad foireann an Bhrainse Logainmneacha agus áirítear a gcostas siúd mar chuid d’ollchostais foirne na Roinne.

Mar atá curtha in iúl agam don Teach cheana mar fhreagra ar cheisteanna 159 agus 160 ar 18 Aibreán 2013, tar éis don Phríomhoifigeach Logainmneacha scor óna phost ar na mallaibh, ceapadh Príomhoifigeach Cúnta i mo Roinn chun déileáil le réimse gníomhaíochtaí ó thaobh na Gaeilge de, lena n-áirítear na feidhmeanna a bhíodh ag an bPríomhoifigeach Logainmneacha. Faoi láthair, tá beirt Ardoifigeach Logainmneacha agus Oifigeach Logainmneacha amháin fostaithe sa Roinn agus iad ag plé le clár oibre ar leith. Níl aon phlean ann an líon oifigeach seo a laghdú amach anseo. Mar a thuigfidh an Teachta, tá mo Roinn ag feidhmiú faoi réir an choisc ar earcaíocht san earnáil phoiblí.

Top
Share