Skip to main content
Normal View

Deontais Caipitil

Dáil Éireann Debate, Thursday - 16 May 2013

Thursday, 16 May 2013

Questions (193)

Pearse Doherty

Question:

193. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis an gcúnamh caipitil a chuireann an Rannóg Áiseanna Pobail agus Teanga ina Roinn ar fáil, cad é luach na ndeontas a ceadaíodh in 2008, 2009, 2010, 2011 agus 2012, agus cén céatadán, contae ar chontae, a fuair na contaetha sin. [23475/13]

View answer

Written answers

Tugtar eolas sa tábla thíos ar na deontais caipitil a ceadaíodh i leith áiseanna pobail, teanga agus caitheamh aimsire sa Ghaeltacht do 2011 agus 2012. Ní miste a nótáil go mbaineann sé seo leis an tréimhse ó 1 Eanáir 2011 go 31 Nollaig 2012.

Contae

2011

2012

%

%

Dún na nGall

€132,400.00

61

€123,637.00

9

Maigh Eo

€0.00

0

€41,753.00

3

Gaillimh

€85,501.00

39

€981,992.30

69

Ciarraí

€0.00

0

€91,757.00

7

Corcaigh

€0.00

0

€147,244.00

11

Port Láirge

€0.00

0

€10,169.00

1

An Mhí

€0.00

0

€0.00

0

Iomlán

217,901.00

1,396,552.30

Top
Share