Skip to main content
Normal View

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 28 May 2013

Tuesday, 28 May 2013

Questions (62)

Maureen O'Sullivan

Question:

62. D'fhiafraigh Deputy Maureen O'Sullivan den Aire Oideachais agus Scileanna cén fáth a ndearna sé neamhaird de mholtaí na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, 2010 – 2030, nuair a thóg sé cinneadh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, a chur faoin gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta; cén fáth nár chloígh sé le moltaí na Straitéise go mbeadh príomhról ag COGG i gcur i bhfeidhm na Straitéise agus go mbeadh COGG ar an ngrúpa is airde leibhéil ó thaobh na straitéise de; cén fáth nach bhfuil sé ag cloí le moltaí na Straitéise, go háirithe nuair nach bhfuil coigilteas airgid i gceist leis an gcinneadh seo; an gciallaíonn sé seo nach bhfuil an tAire ag tabhairt tacaíochta don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge; céard is fiú straitéis a bheith ann mura bhfuil na Ranna Rialtais féin sásta í a chur i gcuntas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [25040/13]

View answer

Written answers

Creidim go gcuirfidh mo chinneadh COGG a chomhlonnú leis an CNCM le forfheidhmiú moltaí na Straitéise 20 Bliain do Ghaeilge 2010-2030. Ar iarratas uaim agus de réir na Straitéise 20 Bliain and na Straitéise Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta, tá an CNCM taréis tosú ar leasuithe móra a dhéanamh ar na curaclaim Ghaeilge don bhunscolaíocht, don tsraith shóisearach agus don tsraith shinsearach. De réir mar a théann an obair seo ar aghaidh, beidh COGG ag obair go comhreathach agus go comhoibritheach chun ábhar acmhainne a sholáthar a thacóidh le múineadh agus teagasc na Gaeilge i scoileanna a mhúineann trí Ghaeilge agus scoileanna a mhúineann trí Bhéarla araon. Cuirfidh an cur chuige comhoibritheach seo le heispéireas foghlama den ardchaighdeán a chur chun cinn d'ár scoláirí agus le húsáid acmhainní a uasmhéadú. Tá Grúpa Ardleibhéil nua bunaithe chun tacú le forfheidhmiú na moltaí oideachais sa Straitéis. Tá COGG in eineacht le Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus mo Roinn in a mball den Ghrúpa Ardleibhéil seo.

Top
Share