Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 30 May 2013

Thursday, 30 May 2013

Questions (14)

Michael Colreavy

Question:

14. D'fhiafraigh Deputy Michael Colreavy den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cathain atá sé ar intinn ag an Aire cinn Bhille na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú; agus cad iad na haighneachtaí a fuair a Roinn i dtaobh an Bhille seo. [26248/13]

View answer

Written answers

Mar atá ráite i gClár Reachtaíochta an Rialtais, táthar ag súil Bille a fhoilsiú i mbliana ina ndéanfar foráil do na leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá na céimeanna cuí idir lámha ag mo Roinn faoi láthair chun Cinn an Bhille seo a dhréachtadh agus táthar ag súil na dréacht-Chinn a chur faoi bhráid an Rialtais a luaithe agus is féidir.

Déanfaidh an Bille foráil do na leasuithe ar an Acht Teanga ag eascairt as an athbhreithniú ar an Acht a bhí sonraithe i gClár an Rialtais. Ina theannta sin, déanfaidh an Bille foráil do na leasuithe ar an Acht Teanga ag eascairt as an gcinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a chomhcheangal le hOifig an Ombudsman, mar a bhí sonraithe i bPlean an Rialtais um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí.

Mar atá curtha in iúl agam cheana sa Teach seo, fuarthas 1,400 freagra ar an suirbhé agus 262 aighneacht le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh mar chuid den athbhreithniú ar an Acht. Tá anailís déanta ar na moltaí a fuarthas faoin bpróiseas sin agus déanfar iad a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin mo Roinne in am trátha i dteannta le Cinn an Bhille.

Top
Share