Skip to main content
Normal View

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 30 May 2013

Thursday, 30 May 2013

Questions (29)

Jonathan O'Brien

Question:

29. D'fhiafraigh Deputy Jonathan O'Brien den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta, i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030, struchtúr ardleibhéil a chur ar bun idir na húdaráis agus eagraíochtaí pobail na Gaeilge agus na Gaeltachta, trína bhféadfar moltaí a dhéanamh sula gcuirfear ar aghaidh chuig na hAirí cuí iad. [26258/13]

View answer

Written answers

Sa chaoi is gur féidir linn an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm go héifeachtach, níl amhras dá laghad orm ach go bhfuil sé riachtanach go mbeidh ról lárnach ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sa phróiseas sin. Ar ndóigh, tá an ról sin aitheanta go sonrach in Acht na Gaeltachta 2012 a leagann bunús reachtúil faoi fheidhmiú na Straitéise agus faoin phróiseas pleanála teanga ach go háirithe. Mar thoradh ar Acht na Gaeltachta, tá ról níos lárnaí ná riamh ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus ag na heagraíochtaí pobail a fheidhmíonn thar a gceann, i gcur i bhfeidhm na Straitéise tríd an phróiseas pleanála teanga ar an talamh.

Chomh fada is a bhaineann sé leis an Ghaeltacht, tá aitheantas ar leith tugtha sa Straitéis don ról faoi leith atá á imirt le fada an lá ag pobal na Gaeltachta agus ag na heagraíochtaí pobail sa Ghaeltacht i gcur chun cinn na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht. Le cur i bhfeidhm an phróisis phleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta, déanfar ról an phobail sa Ghaeltacht a threisiú tuilleadh, chomh maith le ról na n-eagraíochtaí pobail a fheidhmíonn thar a gceann, le tacaíocht phraiticiúil ó mo Roinnse, ó Údarás na Gaeltachta agus ó fhoinsí Stáit eile. Sa chomhthéacs sin, tá obair ullmhúcháin ar bun ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar leis na heagraíochtaí pobail chun cabhrú leo pleananna teanga a ullmhú sna limistéir pleanála teanga Ghaeltachta.

Chomh fada is a bhaineann sé leis an chuid eile den tír, níl aon amhras ann ach go bhfuil raon d'eagraíochtaí thar a bheith gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail i gcoitinne, le tacaíocht phraiticiúil ó mo Roinnse, ó Fhoras na Gaeilge agus ó fhoinsí Stáit eile. Tá a gcuid oibre siúd thar a bheith tábhachtach agus muid ag iarraidh cuspóirí na Straitéise a bhaint amach ar bhonn náisiúnta. Tá obair ullmhúcháin ar bun ag Foras na Gaeilge, i gcomhar le heagraíochtaí pobail áirithe taobh amuigh den Ghaeltacht, chun cabhrú leo pleananna teanga a ullmhú i gceantair ar leith.

Ós rud é go gcreidim go láidir gur chóir go mbeadh ionchur ag na heagraíochtaí pobail i gcur i bhfeidhm na Straitéise, tá sé beartaithe ag mo Roinnse, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge, seimineár a reáchtáil don chuspóir seo go luath. Tá súil agam go gcuideoidh sé seo le malartú eolais faoin Straitéis a éascú idir mo Roinn, an tÚdarás agus an Foras, agus na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta. Tabharfaidh an seimineár deis an próiseas pleanála teanga a phlé leis na heagraíochtaí seo fosta. Beidh mé ag tnúth leis na tuairimí uile a thiocfaidh ón seimineár a mheas i dtráth cuí.

Question No. 30 answered with Question No. 22.
Top
Share