Skip to main content
Normal View

Arramara Teo

Dáil Éireann Debate, Thursday - 30 May 2013

Thursday, 30 May 2013

Questions (41)

Pearse Doherty

Question:

41. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé soiléiriú ar thodhchaí Arramara Teo; agus cad atá á dhéanamh aige chun slí bheatha na mbainteoirí feamainne a chaomhnú. [26249/13]

View answer

Written answers

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála 13092/13 ar 13 Márta 2013 inar thug mé le fios go raibh próiseas ar bun ag Údarás na Gaeltachta le tamall anuas chun féachaint ar na roghanna inmharthana agus forbartha is fearr chun todhchaí an chomhlachta Arramara Teo. a dhaingniú. Chuige sin, cuireadh próiseas ar bun le páirtnéir a aimsiú a bheadh in ann an comhlacht a fhorbairt agus tugadh deis don chomhlacht féin cás gnó a dhéanamh chomh maith.

Ag cruinniú de bhord Údarás na Gaeltachta ar 1 Márta 2013, tógadh cinneadh scaireanna an Údaráis sa chomhlacht a dhíol leis an gcomhlacht Acadian Seaplants Ltd., faoi réir mo chead agus cead an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a bheith faighte agus coinníollacha dlí ina leith a bheith socruithe. Is é an staid reatha ná go bhfuil an cás a mheas ag oifigigh mo Roinne faoi láthair agus táim dóchasach go mbeidh cinneadh déanta sa chás réasúnta luath. Tuigtear dom ó Údarás na Gaeltachta go raibh todhchaí agus leas na mbainteoirí feamainne lárnach i bpróiseas cinnteoireachta an Údaráis maidir le todhchaí an chomhlachta Arramara Teo.

Question No. 42 answered with Question No. 13.
Top
Share