Skip to main content
Normal View

Scéim Ath-Imlonnaithe do Mhúinteoirí

Dáil Éireann Debate, Thursday - 20 June 2013

Thursday, 20 June 2013

Questions (98)

Éamon Ó Cuív

Question:

98. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén fáth nach gcuirtear ceist ar iarrthóirí ath-imlonnaithe maidir lena gcumas agus lena dtoilteanas múineadh i scoil lánGhaeilge; cén soláthar atá déanta ag an Roinn chun a chinntiú nach mbeidh scoileanna lánGhaeilge faoi mhíbhuntáiste maidir le feidhmiú Chiorclán 0013/2013 agus iad ag iarraidh múinteoirí cuí le hinniúlacht sa Ghaeilge a aimsiú a bheadh toilteanach múineadh i scoil lánGhaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29862/13]

View answer

Written answers

Tá na socruithe maidir le foirniú agus ath-imlonnú i gcomhair na mbunscoileanna go léir leagtha amach i gciorclán foirnithe mo Roinne 0013/2013 atá le fáil ar an suíomh gréasáin. Is é bunfheidhm na socruithe ath-imlonnaithe ná éascú le hath-imlonnú na múinteoirí buana barrachais, agus na múinteoirí barrachais atá i seilbh conarthaí ar feadh tréimhse éiginnte, i scoileanna eile a bhfuil folúntais iontu. Tá ath-imlonnú na múinteoirí buana barrachais go léir mar ghné bhunúsach de chumas na Roinne chun fónamh laistigh dá buiséad párolla agus den tsíleáil ar líon na múinteoirí. Tá cáilíochtaí múinteoirí, cáilíochtaí a bhaineann leis an nGaeilge san áireamh, ceaptha chun cur ar chumas múinteoirí múineadh i bpost ar bith a mhaoinítear go poiblí, agus is den tábhacht é nach gcuirfimis bacainní roimh ath-imlonnú. Tá gá le deiseanna solúbtha ath-imlonnaithe chun a chinntiú go n-ath-imlonnaítear na múinteoirí buana barrachais go léir i bhfolúntais.

Top
Share