Skip to main content
Normal View

Foirne Scoile

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 25 June 2013

Tuesday, 25 June 2013

Questions (259)

Pearse Doherty

Question:

259. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil freagra aige ar na hábhair imní a ardaíodh i gcomhfhreagras a seoladh chuige ó scoil i nDún na nGall (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30267/13]

View answer

Written answers

Tugtar faomhadh gach bliain do leithdháiltí na múinteoirí de réir rialacha seanbhunaithe atá bunaithe ar líon na ndaltaíaitheanta atá rollaithe. Tá na socruithe foirnithe ag an mbunleibhéal don scoilbhliain 2013/14 foilsithe ag mo Roinnse i gCiorclán 0013/2013 atá le fáil ar shuíomh gréasáin mo Roinne. San áireamh anseo tá na figiúirí do cheapacháin agus coimeád (Aguisín A) agus an tSamhail LeithdháilteGhinearálta/Béarla mar Theanga Bhreise - an leithdháileadh tacaíochta foghlama/teanga (Aguisín C) do na scoileanna go léir.

Is é an líon daltaí a theastaíonn sula bhfaigheann bunscoil aon-oide ar bith an dara múinteoir rangsheomra ná 17.

Tá foráil speisialta sna socruithe foirnithe féin chun cur ar chumas scoileanna oileáin an dara nó an tríú post múinteoireachta rangsheomra a choimeád áit gurb í an scoil an t-aon bhunscoil atá fágtha ar an oileán.

Ciallaíonn an fhoráil speisialta seo gur féidir an post a choimeád, faoi réir ag líon áirithe daltaí a bheith coimeádta, fiú sa chás go mbíonn laghdú ar líon na ndaltaí i scoil oileáin a gcaillfí an dara nó an tríú post múinteoireachta rangsheomra dá bharr sna scoileanna i gcoitinne. I gcás an dara post príomhshrutha ní mór líon iomlán de 8 ndalta nó os a chionn sin a bheith sa scoil agus gan aon bhunscoil eile a bheith fágtha ar an oileán. I gcás na mbunscoileanna eile go léir is é an figiúr sa chás seo faoi láthair ná 17 ndalta. I gcás an tríú phoist phríomhshruthaní mór líon iomlán de 45 dalta nó os a chionn sin a bheith sa scoil agus gan aon bhunscoil eile a bheith fágtha ar an oileán. I gcás na mbunscoileanna eile go léir is é an figiúr sa chás seo faoi láthair ná 54 dalta. Tá an t-eolas seo leagtha amach i Rannán 3 de Chiorclán 0013/2013.

Top
Share