Skip to main content
Normal View

Forbairt na nOileán

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 July 2013

Tuesday, 16 July 2013

Questions (75)

Éamon Ó Cuív

Question:

75. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cé mhéid airgid atá fágtha lena cheadú ag Comhar na nOileán Teo faoi Chlár Leader i leith oileáin Chonamara agus mhórthír Chonamara faoi seach; cén uair a bheidh cead ag Comhar na nOileán Teo an t-airgead seo a cheadú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33936/13]

View answer

Written answers

I gcomhréir leis an gcur chuige ‘ó bhun aníos’ ar na gnéithe LEADER den Chlár Forbarta Tuaithe(CFT) 2007-13, is iad na Comhlachtaí Forbartha Áitiúla (CFÁ) na príomh cinnteoirí maidir le leithroinnt mhaoiniú tionscnaimh. Déantar na cinntí seo i gcomhhéacs an stráitéis forbairt áitiúil de na grúpaí aonair agus i gcomhréir le rialacha oibriúcháin an chláir agus rialacháin AE.

Tuigim, bunaithe ar an eolas atá curtha ar fáil do mo Roinn ag Comhar na nOileán, an CFA atá freagrach as seachadadh na gnéithe LEADER den Chlár Forbartha Tuaithe (CFT) 2007-2013 i nGaeltacht Chontae na Gaillimhe go bhfuil an maoiniú ar fad a bhí ar fáil acu i leith Ceantar na nOileán, Contae na Gaillimhe geallta acu anois. San áireamh anseo tá dhá thionscnaimh mhóra de luach deontais iomlán €382,599.35 atá faoi láthair ag dul faoi bhun próiséas ceadúcháin i mo Roinn; Samhláim go gcríochnófar an próiséas seo go luath.

Tuigim freisin go bhfiul €140,000 fós ar fáil do thionscnaimh cháilithe i leith ceantair Ghaeltacha ar mhórthír Chontae na Gaillimhe. Tá Comhar na nOiléan ag obair faoi láthair le roinnt tionsnóirí le cinntiú go ngealltar an t-airgead seo le tionscnaimh cáilithe chomh luath agus féidir.

Top
Share