Skip to main content
Normal View

An Comhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 18 July 2013

Thursday, 18 July 2013

Questions (207)

Sandra McLellan

Question:

207. D'fhiafraigh Deputy Sandra McLellan den Aire Oideachais agus Scileanna an ndéanfaidh sé ráiteas maidir le todhchaí COGG; cén tionchar a bhí ag cinneadh an Aire COGG a thabhairt faoi bhráid CNCM; cé na himpleachtaí a bheidh ag an gcinneadh sin i dtaca leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an bhfuiltear fós chun an cinneadh sin a chur i bhfeidhm. [36334/13]

View answer

Written answers

Tá mo chinneadh polasaí déanta agam COGG agus an CNCM a chomhshuí. Chuir mé an Chomh-aireacht ar an eolas faoi seo agus phléigh mé go hiomlán leo é an tSamhain seo caite. Táim cinnte gur fearr a n-éascófar le feidhmiú mholtaí na straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030, de bharr iad a bheith comhshuite, agus, ina theannta sin, le feidhmiú Acht na Gaeltachta, 2012, agus leis an leasú curaclach atá ar siúl faoi láthair ar an mbunoideachas agus ar an iar-bhunoideachas.

Beidh tuilleadh deiseanna ann chun sineirgí a chur ar siúl idir obair na CNCM de réir mar a fhorbraíonn sé curaclaim agus obair COGG de réir mar a ghineann sé acmhainní. Tá a Bord, a buiséad agus a lucht foirne féin ag COGG.

Top
Share