Skip to main content
Normal View

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 18 July 2013

Thursday, 18 July 2013

Questions (382)

Seán Ó Fearghaíl

Question:

382. D'fhiafraigh Deputy Seán Ó Fearghaíl den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé fiosrú mar gheall ar straitéis uile-Éireann don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36356/13]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 i mí na Nollag 2010 tar éis don Straitéis tacaíocht traspháirtí a fháil i dTithe an Oireachtais. Sonraítear sa straitéis sin go leanfaidh Foras na Gaeilge ag seachadadh a chuid freagrachtaí reachtúla maidir leis an nGaeilge ar bhonn uile-oileáin agus go bhfanfaidh Foras na Gaeilge mar phríomhghné den struchtúr tacaíochta don teanga sa dá chuid den oileán. Dá réir sin, tá Foras na Gaeilge ag díriú ar na gnéithe ábhartha den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a bhaineann leo a chur i bhfeidhm sa dlínse seo. Glacaim leis go mbeidh an scéal amhlaidh i dtaca leis an dréacht Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh, a foilsíodh anuraidh, nuair a bheidh sí faofa sa dlínse sin.

Top
Share