Skip to main content
Normal View

Thursday, 18 Jul 2013

Written Answers Nos. 369-381

Údarás na Gaeltachta

Questions (369)

Sandra McLellan

Question:

369. D'fhiafraigh Deputy Sandra McLellan den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas ar an gcóras ceapacháin a bhí ann do bhord nua Údarás na Gaeltachta, agus conas a chinntigh an tAire go gceapfaí baill a mbeadh taithí agus saineolas cuí acu chuig an mbord, an ndéanfaidh sé ráiteas ar thuairiscí sna nuachtáin go raibh gearrliosta ann de dhaoine oiriúnacha don Bhord a dhréachtaigh an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta agus ar an gcúis nár ghlac an tAire le hainm ar bith ina measc, agus an ndéanfaidh sé ráiteas ar an tábhacht atá leis an eolas iomlán faoin gCóras Ceapacháin a chur os comhair an phobail, i bhfianaise tuairiscí á rá nár tugadh na cáipéisí seo ar láimh do Nuacht RTÉ/TG4 nuair a iarradh taifid a bhain leis an gcóras ceapacháin faoin Acht um Shaoráil Faisnéise i Nollaig 2012. [36330/13]

View answer

Written answers

I bhfógra poiblí a rinne an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar son mo Roinne i mí Iúil 2012, lorgaíodh léirithe spéise ó dhaoine a raibh suim acu i gceapachán chuig bord Údarás na Gaeltachta ach na cáilíochtaí cuí agus an taithí chuí a bheith acu. Tugadh le fios san fhógra go bhféadfaí daoine a cheapadh lasmuigh den phróiseas sin. Fuarthas 68 ráiteas spéise de bharr an fhógra, chomh maith le dhá cheann eile a tháinig chuig mo Roinnse ó fhoinsí eile. Anuas air sin, chuir oifigigh mo Roinne liosta i dtoll a chéile de 34 dhaoine a d’fhéadfadh a bheith cáilithe le ceapadh chuig bord an Údaráis.

Tar éis dom na cúinsí uile a mheas, roghnaigh mé triúr chomhalta do bhord Údarás na Gaeltachta nach raibh tar éis iarratas a dhéanamh trí léiriú spéise chuig an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí nó nach raibh ar an liosta a d’ullmhaigh oifigigh mo Roinne.

Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 ar 28 Meitheamh 2013 go raibh an liosta a d'ullmhaigh oifigigh de chuid mo Roinne i measc thaifid bhreise a aimsíodh le linn phróiseas achomhairc a rinneadh faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003. Is tuairisc mhíchruinn a bhí sa tuairisc áirithe sin. Bhí sé curtha in iúl do Nuacht TG4 ar 7 Eanáir 2013, sa chéad fhreagra ó mo Roinn ar iarratas faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, go raibh liosta curtha le chéile ag foireann mo Roinne de dhaoine a d’fhéadfadh a bheith cáilithe le ceapadh ar bhord Údarás na Gaeltachta. Rinneadh an t-eolas sin a athdheimhniú arís i bhfreagra mo Roinne ar achomharc Nuacht TG4 ar 6 Feabhra 2013. Ba é an cinneadh a rinne oifigigh mo Roinne i dtaca leis an iarratas agus an achomharc ó Nuacht TG4 - i gcomhréir le forálacha na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise - gan an liosta seo a scaoileadh mar gheall ar an eolas pearsanta a bhí ann. Tuigtear dom go bhfuil i gceist ag an gCoimisinéir Faisnéise cinneadh críochnúil a fhoilsiú ar an ábhar seo ar ball.

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Questions (370, 380)

Sandra McLellan

Question:

370. D'fhiafraigh Deputy Sandra McLellan den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé cinnte de go mbeidh an t-éileamh a rinne na 66 eagraíocht Gaeilge, Gaeltachta, cultúrtha agus oideachais chun tosaigh ar chlár an tseimineáir atá beartaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a eagrú, is é sin go gcuirfí struchtúr ardleibhéil ar bun idir na húdaráis agus eagraíochtaí pobail na Gaeilge agus na Gaeltachta, trína bhféadfar moltaí a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30 sula gcuirfear ar aghaidh chuig na hAirí cuí iad; an féidir leis an Aire a chur in iúl cén dáta atá socraithe don seimineár ós rud é gur fhógair sé é ar 30 Bealtaine 2013; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36331/13]

View answer

Seán Ó Fearghaíl

Question:

380. D'fhiafraigh Deputy Seán Ó Fearghaíl den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige an pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhoírí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36354/13]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna 370 agus 380 le chéile.

Dírím aird na dTeachtaí ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála 26258 ar 30 Bealtaine 2013 inar thug mé le fios nach raibh amhras dá laghad orm ach go bhfuil sé riachtanach go mbeidh ról lárnach ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Ós rud é go gcreidim go láidir gur chóir go mbeadh ionchur ag na heagraíochtaí pobail i gcur i bhfeidhm na Straitéise, dúirt mé sa fhreagra sin go bhfuil sé beartaithe ag mo Roinnse, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge, seimineár a reáchtáil don chuspóir seo go luath. Tá súil agam go gcuideoidh sé seo le malartú eolais faoin Straitéis a éascú idir mo Roinn, an tÚdarás agus an Foras, mar aon leis na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta. Tabharfaidh an seimineár deis an próiseas pleanála teanga a phlé leis na heagraíochtaí seo fosta.

Tá súil agam an seimineár a reáchtáil i mí Mheán Fómhair. Beidh mé ag tnúth leis na tuairimí uile a thiocfaidh ón seimineár a mheas i dtráth cuí.

Scéim Líofa 2015

Questions (371)

Sandra McLellan

Question:

371. D'fhiafraigh Deputy Sandra McLellan den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige an scéim "Líofa 2015" a chur ar bun sa stát seo; agus mura bhfuil, an dtabharfaidh sé míniú ina thaobh. [36332/13]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, seoladh an tionscnamh Líofa 2015 ó thuaidh sa bhliain 2011 leis an aidhm 1,000 duine a spreagadh chun líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach faoin mbliain 2015. Mar gheall ar an suim a léiríodh sa tionscnamh, tuigtear dom gur méadaíodh an sprioc sin ó shin go dtí 5,000 duine. Ag aithint an stádais éagsúil a bhaineann leis an nGaeilge sa dlínse seo, baineann sprioc leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go mbeidh 250,000 duine ag labhairt Gaeilge ar bhonn laethúil lasmuigh den chóras oideachais faoin mbliain 2030.

I gcomhthéacs ról reachtúil Fhoras na Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann, tá tús curtha le plé idir Foras na Gaeilge, mo Roinn féin agus an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh maidir leis na féidearthachtaí atá ann an tionscnamh Líofa 2015, nó tionscnamh dá leithéid, a fhorbairt ar bhonn uile-oileáin.

Fóram Pleanála Uile-Éireannach

Questions (372)

Sandra McLellan

Question:

372. D'fhiafraigh Deputy Sandra McLellan den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas maidir leis an ngá atá ann Fóram Pleanála Uile-Éireannach a bhunú; an bhfuil aon phlean aige a leithéid d’Fhóram a chur ar bun; agus mura bhfuil, an dtabharfaidh sé míniú ina thaobh. [36333/13]

View answer

Written answers

Ag a cruinniú in Ard Mhacha ar an 10 Iúil 2013, rinne an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas socruithe nua maoinithe a fhaomhadh, in ionad múnla reatha bunmhaoinithe Fhoras na Gaeilge. Faoi na socruithe nua, beidh tosaíochtaí straitéiseacha á seachadadh ag 6 eagras ceannais a bheidh ag feidhmiú ar bhonn uile-oileáin agus cuirfear na fóraim chuí ar bun le tacú leis an gcur chuige úr seo.

Sa chomhthéacs sin, beidh dhá fhóram le bunú ag Foras na Gaeilge mar seo a leanas:

- fóram comhpháirtíochta uile-oileáin chun cur chuige comhoibríoch ag an 6 eagras ceannais a chinntiú; agus

- fóram forbartha teanga uile-oileáin atá ionadaíoch de shainleasa teanga áitiúla atá maoinithe ag Foras na Gaeilge ag leibhéal an phobail.

Curaclam Scoile

Questions (373)

Sandra McLellan

Question:

373. D'fhiafraigh Deputy Sandra McLellan den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an raibh aon phlé aige leis an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le hathbhreithniú ar an gcuraclam do scoileanna Gaeltachta; an mbeidh aon ionchur ag an Aire ar na téarmaí tagartha d’aon athbhreithniú den chineál sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36335/13]

View answer

Written answers

Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil grúpa oibre ardleibhéil bunaithe idir oifigigh i mo Roinnse agus an Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá an grúpa seo ag díriú ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge i réimse gnímh an oideachais. Tá an t-ábhar atá luaite ag an Teachta i measc na n-ábhar atá á bplé ag an ngrúpa oibre sin. Táim sásta go bhfuil ionchur cuí ag mo Roinn san athbhreithniú atá luaite ag an Teachta.

Seirbhísí Leathanbhanda

Questions (374)

Sandra McLellan

Question:

374. D'fhiafraigh Deputy Sandra McLellan den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an raibh aon phlé aige leis an Aire Cumarsáide faoi aon phleananna atá aige chun forbairt a dhéanamh ar an ngréasán idirlín leathanbhanda sa Ghaeltacht, agus go háirithe faoi fhorbairt leathanbhanda i nGaeltacht na Rinne i bPort Láirge i bhfianaise thábhacht an tionscail faisnéise agus thionscal na meán sa Ghaeltacht sin; an leagfaidh sé amach an dul chun cinn atá déanta ar fhorbairt an ghréasáin sin go dtí seo; an dóigh leis go bhfuil tionchar ag an easpa idirlín leathanbhanda ar chruthú post; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36336/13]

View answer

Written answers

I dtús báire, is mian liom a rá go dtuigim go rí-mhaith an tábhacht a bhaineann le soláthar leathanbhanda ardluais a bheith ar fáil sa Ghaeltacht, ach go háirithe ag na príomhláithreáin fostaíochta. Sa chomhthéacs sin agus i gcomhthéacs an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda a foilsíodh anuraidh, is féidir liom a rá go bhfuil an t-ábhar seo á phlé ag oifigigh mo Roinne le hoifigigh na Roinne Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha. Ina theannta sin, tuigim ó Údarás na Gaeltachta go mbíonn cumarsáid leanúnach idir an tÚdarás agus an Roinn Cumarsáide maidir le cúrsaí leathanbhanda sa Ghaeltacht. Ag an gcruinniú is déanaí a bhí eatarthu, tuigim gur thug an Roinn Cumarsáide le fios don Údarás go bhfuiltear ag brú ar aghaidh leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda agus go bhfuil 3 chéim i gceist leis an bplean seo:

- Éascú a dhéanamh ar an bpróiseas soláthar leathanbhanda trí roinnt de na constaicí a bhí aitheanta ag na soláthróirí leathanbhanda a bhaint as an mbealach;

- Eolas a bhailiú ó na soláthróirí leathanbhanda faoi cad iad na ceantair ina bhfuil sé i gceist acu soláthar leathanbhanda ardluais a sholáthar, ionas go bhféadfaí na ceantair nach bhfuil sé i gceist acu a chlúdach a aithint; agus

- Le cabhair airgid ón Eoraip, maoiniú a dhéanamh ar sholáthar leathanbhanda ardluais (30MB/s) do gach teach agus gnó nach bhfuil sé i gceist ag na soláthróirí leathanbhanda a chlúdach.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil siad ag fiosrú bealaí chun a chinntiú go mbeidh soláthar leathanbhanda ardluais ar fáil sna ceantair Ghaeltachta go dtí go mbeidh céim 3 den Phlean Náisiúnta Leathanbhanda tosaithe.

Scéimeanna Forbartha Pobail

Questions (375)

Sandra McLellan

Question:

375. D'fhiafraigh Deputy Sandra McLellan den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an raibh aon phlé aige leis an Aire Comhshaoil i dtaobh an tionchair a bheidh ag na hathruithe ar an tslí ina mbeidh na scéimeanna forbartha pobail, ar nós LEADER, á riaradh ar phobail Ghaeltachta, ar fhorbairt pobail sa Ghaeltacht, agus ar phleanáil teanga sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36337/13]

View answer

Written answers

Tuigfidh an Teachta go dtagann LEADER faoi réimse na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil. Tá an t-ábhar atá luaite ag an Teachta á phlé idir oifigigh mo Roinne agus oifigigh na Roinne sin. Ina theannta sin, tá oifigigh mo Roinne agus oifigigh Údarás na Gaeltachta ag déanamh cíoradh faoi láthair ar na riachtanais agus ar na deiseanna maoinithe d’fhorbairt na Gaeltachta le linn an chéad tréimhse eile pleanála a bheidh le haontú mar chuid de phlean infheistíochta an Rialtais agus an Aontais Eorpaigh ag an am cuí. Sa chomhthéacs sin, tá plé leanúnach ar siúl faoi na riachtanais forbartha agus infheistíochta a bhaineann le clár forbartha Gaeltachta a chuimseoidh cur chuige comhtháite sna réimsí forbartha geilleagair, pobail agus pleanála teanga. Ní miste dom a rá go dtugann an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus forálacha Acht na Gaeltachta 2012 comhthéacs do na dúshláin a mbeimid ag dul i ngleic leo le linn na tréimhse sin. Is féidir glacadh leis go ndéanfar gach iarracht cur chuige éifeachtach a aontú chun an oiread infheistíochta agus is féidir a chur i dtreo comhlíonadh na riachtanas sin.

Bille na dTeangacha Oifigiúla

Questions (376)

Sandra McLellan

Question:

376. D'fhiafraigh Deputy Sandra McLellan den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cathain atá sé ar intinn ag an Aire ceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú; cé na haighneachtaí a fuair a Roinn i dtaobh an Bhille seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36338/13]

View answer

Written answers

Is mian liom aird an Teachta a dhíriú ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála 26248 ar 30 Bealtaine 2013 ar an ábhar seo. Mar atá ráite i gClár Reachtaíochta an Rialtais, táthar ag súil Bille a fhoilsiú i mbliana ina ndéanfar foráil do na leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá na céimeanna cuí idir lámha ag mo Roinn faoi láthair chun Cinn an Bhille seo a dhréachtú agus táthar ag súil na dréacht-Chinn a chur faoi bhráid an Rialtais a luaithe agus is féidir. Déanfaidh an Bille foráil do na leasuithe ar an Acht Teanga ag eascairt as an athbhreithniú ar an Acht a bhí sonraithe i gClár an Rialtais. Ina theannta sin, déanfaidh an Bille foráil do na leasuithe ar an Acht Teanga ag eascairt as an gcinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a chomhcheangal le hOifig an Ombudsman, mar a bhí sonraithe i bPlean an Rialtais um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí.

Mar atá curtha in iúl agam cheana sa Teach seo, fuarthas 1,400 freagra ar an suirbhé agus 262 aighneacht le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh mar chuid den athbhreithniú ar an Acht. Tá anailís déanta ar na moltaí a fuarthas faoin bpróiseas sin agus déanfar iad a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin mo Roinne in am trátha i dteannta le Cinn an Bhille.

Cosaint Fostaíochta

Questions (377)

Sandra McLellan

Question:

377. D'fhiafraigh Deputy Sandra McLellan den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé soiléiriú ar thodhchaí Arramara Teo.; cad atá á dhéanamh aige chun slí bheatha na mbainteoirí feamainne a chaomhnú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36339/13]

View answer

Written answers

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála 26249 ar 30 Bealtaine 2013. Sa fhreagra sin, thug mé le fios go raibh próiseas ar bun ag Údarás na Gaeltachta le tamall anuas chun féachaint ar na roghanna inmharthana agus forbartha is fearr chun todhchaí an chomhlachta Arramara Teo. a dhaingniú. Chuige sin, cuireadh próiseas ar bun le páirtnéir a aimsiú a bheadh in ann an comhlacht a fhorbairt agus tugadh deis don chomhlacht féin cás gnó a dhéanamh chomh maith. Ag cruinniú de bhord Údarás na Gaeltachta ar 1 Márta 2013, tógadh cinneadh scaireanna an Údaráis sa chomhlacht a dhíol leis an gcomhlacht Acadian Seaplants Ltd., faoi réir mo chead agus cead an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a bheith faighte agus coinníollacha dlí ina leith a bheith socraithe.

Is é an staid reatha ná go bhfuil an cás á mheas ag oifigigh mo Roinne faoi láthair agus táim dóchasach go mbeidh cinneadh déanta sa chás go luath.

Tuigtear dom ó Údarás na Gaeltachta go raibh todhchaí agus leas na mbainteoirí feamainne lárnach i bpróiseas cinnteoireachta an Údaráis maidir le todhchaí an chomhlachta Arramara Teo.

Abbey Theatre

Questions (378)

Seán Ó Fearghaíl

Question:

378. D'fhiafraigh Deputy Seán Ó Fearghaíl den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéad post in earnáil dheonach na Gaeilge atá maoinithe faoi láthair ag Foras na Gaeilge faoin gcóras reatha bunmhaoinithe; cé mhéad post a bheidh le maoiniú faoin mhúnla nua maoinithe atá beartaithe a theacht i bhfeidhm an 01 Iúil 2014; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36352/13]

View answer

Written answers

Ag a cruinniú in Ard Mhacha ar an 10 Iúil 2013, rinne an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas socruithe nua maoinithe a fhaomhadh, le héifeacht ón 1 Iúil 2014, in ionad múnla reatha bunmhaoinithe Fhoras na Gaeilge. Aontaíodh freisin go gcuirfí síneadh leis na socruithe bunmhaoinithe go dtí 30 Meitheamh 2014 nuair a thiocfaidh na socruithe nua maoinithe i bhfeidhm. Tuigtear dom ó Fhoras na Gaeilge go mbaineann 81 post leis an earnáil bhunmhaoinithe faoin gcóras reatha agus go bhfuiltear ag samhlú gur thart ar 63 post a bhainfidh leis an mhúnla nua a thiocfaidh i bhfeidhm ar an 1 Iúil 2014. Caithfear a aithint gur figiúir táscach é seo, atá ag brath go mór ar na socruithe deiridh idir na heagrais iad féin agus ar na pleananna oibre a bheidh le haontú acu le Foras na Gaeilge. Ní miste a rá go mbraithfidh an toradh i ndeireadh an lae ar na heagraíochtaí bunmhaoinithe féin, ar fhostóirí iad ar na daoine atá sna poist a ndéanann an Teachta tagairt dóibh.

Ar ndóigh, ba chóir go n-eascróidh féidearthachtaí eile i ndáil le deiseanna nua fostaíochta a fhorbairt as na socruithe maoinithe nua, nuair a bheidh na heagrais ceannais ag díriú ar na tosaíochtaí straitéiseacha agus ag dul i bhfeidhm ar phobail níos mó agus níos leithne sa dá dhlínse.

Stádas Gaeltachta

Questions (379)

Seán Ó Fearghaíl

Question:

379. D'fhiafraigh Deputy Seán Ó Fearghaíl den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a bheidh ceantair nua líonra Gaeltachta á n-ainmniú de réir Acht na Gaeltachta, 2012 do phobal taobh amuigh den Ghaeltacht thraidisiúnta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36353/13]

View answer

Written answers

Foráiltear le halt 11 d’Acht na Gaeltachta 2012 gur féidir, le hordú, ceantair atá lasmuigh de na limistéir Ghaeltachta a ainmniú mar Líonraí Gaeilge. Is ceantair iad seo a bhfuil cnap bunúsach criticiúil de thacaíocht phobail agus Stáit acu don Ghaeilge. Chun aitheantas mar Líonra Gaeilge a bhaint amach, ní mór d’eagraíocht atá ionadaíoch don phobal lena mbaineann iarratas a dhéanamh chuig Foras na Gaeilge chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú. Foráiltear le halt 12 den Acht go leagfar amach, le rialacháin, na critéir pleanála teanga a úsáidfear chun pleananna teanga i leith Líonraí Gaeilge a fhaomhadh. Ní miste a rá gur ghlac ionadaithe ó eagraíochtaí Gaeilge ar leith agus Foras na Gaeilge páirt i ngrúpa fócais, maidir leis na critéir pleanála teanga do na Líonraí Gaeilge, a d'eagraigh mo Roinn in 2012. Tá bailchríoch á chur ag oifigigh mo Roinne ar na rialacháin seo agus táthar ag súil iad a dhéanamh go luath.

Ina theannta sin, tá mo Roinn ag obair ar threoirlínte, i gcomhar le Foras na Gaeilge, a leagfaidh síos próiseas trédhearcach d'ullmhú, d'fheidhmiú agus do mheasúnú na bpleananna teanga sna Líonraí Gaeilge, rud a chabhróidh leis na heagraíochtaí agus iad ag tabhairt faoin bpróiseas pleanála teanga ar an talamh. Táthar ag súil go mbeidh na treoirlínte sin foilsithe san fhómhar.

Ach na céimeanna sin a bheith tógtha, táim ag súil go mbeidh Foras na Gaeilge réidh chun cúnamh i ndáil leis an bpróiseas pleanála teanga a thabhairt d'eagraíochtaí ar leith atá suite i gceantair a d'fhéadfadh a bheith aitheanta mar Líonraí Gaeilge faoin Acht.

Question No. 380 answered with Question No. 370.

Fostaíocht Gaeltachta

Questions (381)

Seán Ó Fearghaíl

Question:

381. D'fhiafraigh Deputy Seán Ó Fearghaíl den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an mbeidh níos mó post ar fáil sa Ghaeltacht in 2013 de bharr féiltí a bhaineann leis An Gathering; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. . [36355/13]

View answer

Written answers

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil tionscal na turasóireachta agus an Tóstal 2013 thar a bheith tábhachtach do gheilleagar na Gaeltachta maidir le fostaíocht agus ioncam a chruthú do phobal na Gaeltacha ar an mhórthír agus ar na hoileáin Ghaeltachta. Go ginearálta, meastar go dtacaíonn gach milliún de chaiteachas turasóireachta le 13 post. Tuigtear ón Údarás, ón aischothú atá faighte acu go dáta, go bhfuil an Tóstal 2013 ag tacú le hinbhuanaitheacht na hearnála turasóireachta agus ag cur leis an eispéireas atá ar fáil do chuairteoirí chuig an nGaeltacht. Tuigfidh an Teachta go mbeidh sé deacair tionchar an Tóstail a thomhais ó thaobh na fostaíochta de go dtí go mbeidh na himeachtaí uile thart agus na staitisticí ábhartha foilsithe.

Top
Share