Skip to main content
Normal View

Limistéir Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 18 September 2013

Wednesday, 18 September 2013

Questions (12)

Niall Collins

Question:

12. D'fhiafraigh Deputy Niall Collins den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad é an staid reatha maidir le haon limistéir Ghaeltachta nua atá beartaithe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [38458/13]

View answer

Written answers

Is é an staid reatha ná go bhfuil roinnt céimeanna idir lámha ag mo Roinn i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge maidir leis an phróiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012.

-Shínigh mé inné na Rialacháin chun critéir pleanála teanga a fhorordú faoi alt 12 den Acht. Beidh na critéir seo riachtanach chun measúnú a dhéanamh amach anseo ar na pleananna teanga a ullmhófar do na limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, do na bailte seirbhíse Gaeltachta agus do na líonraí Gaeilge.

-Tá mo Roinn ag obair i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta ar na fógraí faoi alt 7(3) den Acht, a dhéanfaidh sainiú ar na toghranna éagsúla a bheidh i gceist sna 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta.

-Tá Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ag leagan amach córas trédhearcach faoina roghnófar eagraíochtaí chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú i gcomhar leis an bpobal sna ceantair éagsúla.

-I ndeireadh báire, tá mo Roinn ag obair ar threoirlínte, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge, a leagfaidh síos próiseas trédhearcach d'ullmhú, d'fheidhmiú agus do mheasúnú na bpleananna teanga sna limistéir, sna bailte agus sna líonraí, rud a chabhróidh leis na heagraíochtaí pobail agus iad ag tabhairt faoin phróiseas pleanála teanga ar an talamh.

Top
Share