I propose to take Questions Nos. 15 and 21 together.
Tá áthas orm a bheith ábalta a chur in iúl do na Teachtaí go bhfuil conradh bliana ón 1 Deireadh Fómhair 2013 go dtí 30 Meán Fómhair 2014 aontaithe ag mo Roinn chun seirbhís aeir a chur ar fáil d’Oileáin Árann. Beidh an tseirbhís á cur ar fáil ag an gcuideachta chéanna atá ag soláthar na seirbhíse faoi láthair. Beidh an líon céanna eitiltí ann faoin gconradh nua is atá faoin gconradh reatha, is é sin cúig thuras fillte in aghaidh an lae ó Luan go hAoine agus ceithre thuras fillte Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.
I gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh, tá i gceist ag mo Roinn tabhairt faoi staidéar chun riachtanas na seirbhíse aeir chuig na hOileáin Árann a mheas. Táthar i mbun ullmhúcháin faoi láthair chun téarmaí tagartha don staidéar a réiteach agus chun comhairleoirí a cheapadh chun tabhairt faoin staidéar. Táthar ag súil an próiseas tairisceana seo a fhógairt go luath.
Cé gur lorg mo Roinn tairiscintí i gcóir sheirbhís farantóireachta do phaisinéirí d’Inis Mór, ní bhfuarthas aon tairiscint. Tuigtear, áfach, go bhfuil an farantóir ag leanúint leis an tseirbhís chéanna a sholáthar gan aon chúnamh Stáit agus go bhfuil i gceist ag an bhfarantóir é sin a dhéanamh go leanúnach.
Tá conradh lastais d’Oileáin Árann i bhfeidhm ag mo Roinn chomh maith le conradh farantóireachta do phaisinéirí d’Inis Meáin agus d'Inis Oírr faoin a gcuirtear dhá sheoladh fillte ar fáil in aghaidh an lae.
Ós rud é go bhfuil mo Roinn ag tabhairt fóirdheontais chun seirbhísí cuimsitheacha iompair a sholáthar do na hOileáin Árann faoi láthair, níl aon phleananna ag mo Roinn seirbhísí iompair nua a chur ar fáil.