Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 18 September 2013

Wednesday, 18 September 2013

Questions (2)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

2. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas maidir leis an gcóras ceapacháin a bhí ann do bhord nua Údarás na Gaeltachta, agus conas a chinntigh an tAire go gceapfaí baill a mbeadh taithí agus saineolas cuí acu chuig an mbord; an ndéanfaidh sé ráiteas maidir le tuairiscí sna nuachtáin go raibh gearrliosta ann de dhaoine oiriúnacha don Bhord a dhréachtaigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus maidir leis an gcúis nár ghlac an tAire le hainm ar bith ina measc, agus an ndéanfaidh sé ráiteas maidir leis an tábhacht atá leis an eolas iomlán faoin gCóras Ceapacháin a chur os comhair an phobail, i bhfiainaise tuairiscí á rá nár tugadh na cáipéisí seo ar láimh do Nuacht RTÉ/TG4 nuair a iarradh taifid a bhain leis an gcóras ceapacháin faoin Acht um Shaoráil Faisnéise i Nollaig 2012. [38598/13]

View answer

Oral answers (5 contributions)

I bhfógra poiblí a rinne an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar son mo Roinne i mí Iúil 2012, lorgaíodh léirithe spéise ó dhaoine a raibh suim acu i gceapachán chuig bord Údarás na Gaeltachta ach na cáilíochtaí cuí agus an taithí cuí a bheith acu. Tugadh le fios san fhógra go bhféadfaí daoine a cheapadh taobh amuigh den phróiseas sin. Fuarthas 68 ráiteas spéise de bharr an fhógra, chomh maith le dhá cheann eile a tháinig chuig mo Roinnse ó fhoinsí eile. Anuas air sin, chuir oifigigh mo Roinne liosta i dtoll a chéile de 34 duine a d’fhéadfadh a bheith cáilithe le ceapadh chuig bord an údaráis. Tar éis dom na cúinsí uile a mheas, roghnaigh mé triúr comhalta do bhord Údarás na Gaeltachta nach raibh tar éis iarratas a dhéanamh trí léiriú spéise chuig an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí nó nach raibh ar an liosta a d’ullmhaigh oifigigh mo Roinne.

Tuairiscíodh ar "Nuacht TG4" ar 28 Meitheamh 2013 go raibh an liosta a d'ullmhaigh oifigigh de chuid mo Roinne i measc thaifid bhreise a aimsíodh le linn phróiseas achomhairc a rinneadh faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003. Is tuairisc mhíchruinn a bhí sa tuairisc áirithe sin. Bhí sé curtha in iúl do "Nuacht TG4" ar 7 Eanáir 2013, sa chéad fhreagra ó mo Roinn ar iarratas faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, go raibh liosta curtha le chéile ag foireann mo Roinne de dhaoine a d’fhéadfadh a bheith cáilithe le ceapadh ar bhord Údarás na Gaeltachta. Rinneadh an t-eolas sin a athdheimhniú arís i bhfreagra mo Roinne ar achomharc "Nuacht TG4" ar 6 Feabhra 2013. Ba é an cinneadh a rinne oifigigh mo Roinne i dtaca leis an iarratas agus an achomharc ó "Nuacht TG4" - i gcomhréir le forálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise - gan an liosta seo a scaoileadh mar gheall ar an eolas pearsanta a bhí ann. Tuigtear dom go bhfuil i gceist ag an gCoimisinéir Faisnéise cinneadh críochnúil a fhoilsiú ar an ábhar seo ar ball.

Is trua liom an freagra atá tugtha ag an Aire Stáit. Measaim gur léir ón fhadhb atá tagtha chun cinn anois go raibh an ceart againn nuair a chuir muid i gcoinne an phróisis seo. Nuair a bhí Bille na Gaeltachta á phlé againn anseo, dúirt muid nár cheart fáil réidh le toghcháin Údarás na Gaeltachta, ach achtaíodh an Bille sin. Is ait an rud é go raibh ar an Aire Stáit dul lasmuigh den dá liosta - an liosta dóibh siúd a léirigh spéis i bheith mar bhaill den údarás agus an liosta a chuir an Roinn le chéile. Glacaim leis gur fhoilsigh na hoifigigh liosta de 34 duine a bheadh ar fáil, tar éis dóibh treabhadh tríd na n-ainmneacha éagsúla. Níor roghnaigh an tAire Stáit aon duine ar bith ón liosta de 34 duine a bhí ainmnithe ag oifigigh a Roinn féin. Os rud é gur roghnaigh sé triúr nach raibh ar cheachtar liosta, tá an cumadh ar an scéal go bhfuil an seanchleachtas ag tarlú arís. Dúradh linn nach dtarlódh arís an cronyism a bhain thar na blianta leis an Rialtas deireanach agus Rialtaisí roimhe sin. Ba chóir go mbeadh an córas seo go huile is go hiomlán trédhearcach. Nuair a shocraigh an tAire ar dhaoine a roghnú nach raibh spéis ar bith acu san ábhar seo, cén sórt scéal nó teachtaireacht a sheol sé chucu siúd a bhí ar an dá liosta tar éis dóibh ballraíocht a lorg?

Ní gá a rá nach n-aontaím leis an Teachta ar chor ar bith. Sílim go raibh an córas ceapacháin a bhí againn trédhearcach, soiléir agus os cionn boird. Mar a luadh san Acht, cheap na comhairleoirí contae os na ceantair Ghaeltachta cúigear ball agus cheap mé an seachtar ball eile, ina measc ceathrar dóibh siúd a léirigh suim agus spéis sna folúntais seo nuair a fógraíodh iad go poiblí. Sílim gur céim ar aghaidh mhór a bhí ann. Léiríodh go bhféadfaí daoine a cheapadh lasmuigh den phróiseas sin. Is é sin an fáth go raibh sé de cheart agam triúr a cheapadh mar a rinne mé. Tá mé thar a bheith sásta go bhfuil bord thar a bheith éifeachtach ag Údarás na Gaeltachta anois. Tá an bord ag gníomhú faoi chathaoirleach úr a chuir mé isteach. Tá lúcháir orm a rá go bhfuil bean mar chathaoirleach ar an údarás don chéad uair. Tá na cáillíochtaí aici. Tá an bord ag feidhmiú go héifeachtach. Tá mé an-sásta leis an gcóras úr.

Níor dúirt mé nár roghnaíodh éinne. D'iarr mé ar an Aire Stáit mar gheall ar an teachtaireacht atá á thabhairt aige don 61 duine eile a rinne iarratais ar bhallraíocht. An bhfuil sé ag rá nach bhfuil siad maith go leor? Roghnaigh sé triúr nach raibh sé de spéis acu a gcuid iarratais féin a dhéanamh. Ní raibh an páirtí as ar tháinig siad glic a dhóthain chun a nainmneacha a chur chun cinn. Measaim gur masla atá ann dóibh siúd a bhí ar an liosta poiblí, nó fiú dóibh siúd a rinne an Roinn ainmniúcháin orthu, nach raibh sé de mhisneach ag an Aire Stáit iad a roghnú agus na cáillíochtaí cuí acu.

Mar atá ráite ag an Teachta, léirigh 68 duine suim spéis a bheith ina mbaill de Údarás na Gaeltachta. Mar a dúirt mé, níl mé ag caitheamh anuas ar éinne acu sin. Ní raibh sé de cheart agam ach seachtar a chur isteach. Sílim go rinne mé an rogha cheart. Is cuma caidé an rogha a dhéanfainn - dá gcuirfinn isteach seachtar ón liosta, bheadh 61 fágtha ar leataobh. Bhí mé ag feidhmiú taobh istigh d'fhórálacha an Achta. D'fhoilsigh muid fógra poiblí ag iarraidh ar dhaoine cur isteach ar na folúntais seo. Is dócha go bhfuil daoine ar bhord Údarás na Gaeltachta anois nach mbeadh air go coíche faoin seanchóras. Tá mé thar a bheith sásta leis an rogha atá déanta. Chomh fada agus a fheicim le bliain anuas, tá baill an bhoird úr ag gníomhú go héifeachtach agus go foirfe ar mhaithe leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge chun na freagrachtaí úra atá orthu faoi Acht na Gaeltachta 2012 a chur i gcrích.

Top
Share