Skip to main content
Normal View

Foras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 18 September 2013

Wednesday, 18 September 2013

Questions (4)

Michael P. Kitt

Question:

4. D'fhiafraigh Deputy Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén líon daoine atá fostaithe ag Foras na Gaeilge faoi láthair, cé mhéad post in earnáil dheonach na Gaeilge atá maoinithe ag Foras na Gaeilge faoin gcóras bunmhaoinithe reatha, agus cé mhéad post a bheidh le maoiniú faoin múnla maoinithe nua atá beartaithe a theacht i bhfeidhm an 1 Iúil 2014; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [38600/13]

View answer

Oral answers (5 contributions)

Faoi láthair, tá 57 duine fostaithe go buan ag Foras na Gaeilge mar aon le cúigear eile atá fostaithe ar chonradh. Ón eolas atá curtha ar fáil ag Foras na Gaeilge do mo Roinn, tuigtear dom go bhfuil timpeall 80 duine fostaithe faoi láthair sna heagraíochtaí a fhaigheann bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Tá 19 eagraíocht ar fad i gceist, lena n-áirítear 12 eagraíocht atá ag feidhmiú go príomha sa dlínse seo agus seacht n-eagraíocht atá ag feidhmiú go príomha ó thuaidh.

Ag an chruinniú in Ard Mhacha ar an 10 Iúil 2013, rinne an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas na socruithe nua maoinithe a fhaomhadh le héifeacht ó 1 Iúil 2014 in ionad múnla reatha bunmhaoinithe Fhoras na Gaeilge. Cuimsíonn na socruithe nua maoinithe na príomhghnéíthe seo a leanas: déanfaidh sé eagras ceannais, a bheidh ag feidhmiú ar bhonn uile-oileáin, tosaíochtaí straitéiseacha ar leith a sheachadadh; bunóidh Foras na Gaeilge fóram comhpháirtíochta uile-oileáin chun cur chuige comhoibríoch ag an sé eagras ceannais a chinntiú; bunóídh Foras na Gaeilge fóram forbartha teanga uile-oileáin atá ionadaíoch de shainleasa teanga áitiúla atá maoinithe ag Foras na Gaeilge ag leibhéal an phobail; beidh scéim raidió pobail le forbairt chun maoiniú a chur ar fáil do raidió pobail trí Ghaeilge sa dá dhlínse; agus cuirfear maoiniú ar fáil don áisaonad sa todhchaí, mar is cuí, i gcomhthéacs fheidhm reachtúil Fhoras na Gaeilge i ndáil le tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge.

D'aontaigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas fosta go gcuirfí síneadh leis na socruithe bunmhaoinithe reatha go dtí 30 Meitheamh 2014 nuair a thiocfaidh na socruithe nua maoinithe i bhfeidhm. Cé nach féidir a thuar go cruinn ag an phointe seo cé mhéad post a bheidh ann faoin mhúnla maoinithe nua, ba chóir go n-eascróidh féidearthachtaí maidir le deiseanna nua fostaíochta as na socruithe nua nuair a bheidh na heagrais cheannais ag díriú ar na tosaíochtaí straitéiseacha agus ag dul i bhfeidhm ar an bpobal ar bhonn níos forleithne sa dá dhlínse.

Maidir le Foras na Gaeilge, dúirt an tAire go bhfuil 19 eagraíocht i gceist faoi láthair agus dhá stáisiúin raidió, Raidió na Life agus Raidió Fáilte, Béal Feirste. Níl na figiúirí cruinn ag an Aire, ach an mbeidh níos mó nó níos lú daoine fostaithe ag Foras na Gaeilge nuair a bheidh an córas nua ar bun? An féidir leis an Aire aon eolas a thabhairt dúinn faoin fhostaíocht sin.

Mar atá luaite agam, ag an phointe seo tá 57 duine fostaithe go buan ag Foras na Gaeilge agus tá cúigear eile ar chonradh. Sin 62 san iomlán. Tá Foras na Gaeilge anois i dteagmháil leis na heagraíochtaí seo, 19 ar fad, agus nuair a bheidh na socruithe go léir déanta, beidh muid ag súil go mbeidh sé eagraíocht ceannais ann ar fad. Ag an phointe seo, tá sé an-deacair a rá cé mhéad duine a bheidh fostaithe nuiar a bheidh na socruithe go léir déanta. Beidh Foras na Gaeilge i dteagmháil leis na heagraíochtaí agus b'fhéidir go mbeidh comhoibriú idir cuid de na heagraíochtaí agus go bhfuil daoine sna heagraíochtaí a bheidh ag obair leis an eagras ceannais. Ag an phointe seo, ní féidir a rá cé mhéad duine a bheidh ag obair agus an mbeidh breis nó níos lú poist ann.

Tuigim ón bhfreagra sin nach mbeidh breis post ann in aon chor, ach fanfaimid go mbeidh níos mó eolais ag an Aire. An féidir leis an Aire a rá an bhfuil sé ag caint anois faoi phoist lán-aimseartha nó poist pháirt-aimseartha? Ní bheidh ach sé eagraíocht i gceist sa chóras nua a bheidh againn i mí Iúil 2014. Cén sórt poist a bheidh i gceist?

Maidir leis na heagraíochtaí úra, tugann muid eagraíochtaí ceannais orthu. Tá daoine sna heagraíochtaí deonacha i láthair na huaire agus is dóigh go mbeidh cuid acu sin sna heagraíochtaí ceannais agus b'fhéidir freisin go mbeidh daoine úra ag teacht isteach. Tá an próiseas sin go léir faoi cheannas agus mar fhreagracht ar Fhoras na Gaeilge. Tá mé cinnte go n-aontóidh an Teachta gur céim ar aghaidh í seo, ón chéad uair a socraíodh go ndéanfaí an comhtháthú seo i 2008. Bhí cainteanna agus cur agus cúiteamh ag dul ar aghaidh ó 2008 agus sílim gur céim ar aghaidh mhór í gur aontaigh mé féin agus an tAire ó Thuaidh, Carál Ní Chuilín, agus an tAire Deenihan, go rachfadh muid ar aghaidh leis an chomhtháthú seo. Tá an fhreagracht anois ar an fhoras, na bun phrionsabail nó na bun chuspóirí a chur i gcrích. Caithfidh muid fanacht go bhfeicfidh muid cad a thiocfaidh amach as sin idir seo agus mí an Mheithimh 2014.

Top
Share