Is mian liom aird an Teachta a dhíriú ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 372 ar 18 Iúil 2013 ar an ábhar seo. Ag a cruinniú in Ard Mhacha ar an 10 Iúil 2013, rinne an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas socruithe nua maoinithe a fhaomhadh, in ionad múnla reatha bunmhaoinithe Fhoras na Gaeilge.
Faoi na socruithe nua, beidh tosaíochtaí straitéiseacha á seachadadh ag 6 eagras ceannais a bheidh ag feidhmiú ar bhonn uile-oileáin agus cuirfear na fóraim chuí ar bun le tacú leis an gcur chuige úr seo.
Sa chomhthéacs sin, beidh dhá fhóram le bunú ag Foras na Gaeilge mar seo a leanas:
-fóram comhpháirtíochta uile-oileáin chun cur chuige comhoibríoch ag an 6 eagras ceannais a chinntiú; agus
-fóram forbartha teanga uile-oileáin atá ionadaíoch de shainleasa teanga áitiúla atá maoinithe ag Foras na Gaeilge ag leibhéal an phobail.
Ceaptar go gcuideoidh an dá fhóram seo le cur chun cinn na Gaeilge ar fud an oileáin trí chomhoibriú a chothú i measc na bpáirtithe éagsúla. Tá bearta sa treis ag Foras na Gaeilge i láthair na huaire chun cinntí na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas i leith na socruithe seo a chur i bhfeidhm go cuí.