Skip to main content
Normal View

An Curaclam Scoile

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 18 September 2013

Wednesday, 18 September 2013

Questions (46)

Pearse Doherty

Question:

46. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an raibh aon phlé aige leis an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le hathbhreithniú ar an gcuraclam do scoileanna Gaeltachta; an mbeidh aon ionchur aige ar na téarmaí tagartha d’aon athbhreithniú den chinéal sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [38491/13]

View answer

Written answers

Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag tagairt don athbhreithniú atá beartaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna a dhéanamh ar an oideachas a chuirtear ar fáil sa Ghaeltacht chun soiléiriú a dhéanamh ar a polasaí i leith oideachais trí mheán na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta. Is féidir liom a rá go raibh oifigigh na Roinne Oideachais agus Scileanna i ndáil chomhairle le hoifigigh mo Roinnse maidir le téarmaí tagartha an athbhreithnithe seo.

Top
Share