Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Leasa Pobail

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 October 2013

Tuesday, 15 October 2013

Questions (177)

Éamon Ó Cuív

Question:

177. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Coimirce Sóisialaí cén chaoi a bhfuil sé i gceist aici seirbhís Leasa Pobail trí Ghaeilge a chur ar fáil do phobal labhartha na Gaeilge i gConamara; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [43590/13]

View answer

Written answers

Tá seirbhís leasa pobail Chonamara ar fáil anois ó oifigí na Roinne i gcathair na Gaillimhe agus sa Chlochán. Tá baill foirne sna hoifigí sin atá in ann seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil agus beidh sé sin amhlaidh feasta. Féadann custaiméirí dul i dteagmháil leis an tseirbhís ar an bhfón, i r-phoist, leis an bpost nó trí ghlaoch ar an gclinic poiblí.

Top
Share