Tháinig scéim teanga reatha na Roinne Coimirce Sóisialaí i bhfeidhm ar 1 Meitheamh 2007. Leagtar amach sa scéim sin teanga na bealaí éagsúla trína ndéanfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí seirbhísí éagsúla dá cuid a chur ar fáil i nGaeilge do phobal na Gaeltachta agus don phobal i gcoitinne thar shaolré na scéime. Mar is eol don Teachta, bíonn feidhm ag scéim teanga ar feadh tréimhse trí bliana ón uair a dhaingnítear í nó go ndaingnítear scéim nua, cibé acu is déanaí.
Tá obair sa treis idir oifigigh mo Roinne agus oifigigh na Roinne Coimirce Sóisialaí le tamall anuas chun an dara scéim teanga a aontú. Ag féachaint do na hathruithe a tháinig ar fheidhmeanna na Roinne sin in 2011, áfach, iarradh ar an Roinn i mí Lúnasa na bliana sin a chinntiú go gclúdófaí feidhmeanna uile na Roinne athstruchtúrtha sa dréacht dara scéim teanga. Tuigim go ndéanfar gach iarracht an obair seo a thabhairt chun críche chomh luath agus is féidir. Sa chomhthéacs seo, ní miste na dúshláin faoina gcaithfidh comhlachtaí poiblí feidhmiú i láthair na huaire agus na srianta atá orthu dá réir maidir le hacmhainní foirne agus buiséid a aithint.
Is fiú a nótáil go n-aithnítear sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 an gá atá le socruithe cuí a dhéanamh chun cur leis an líon oifigeach sa Státchóras atá in ann feidhmiú go dátheangach agus go mbunófar na socruithe sin de réir a chéile, ag aithint na srianta earcaíochta atá ann faoi láthair. Chomh maith leis sin, tá sé ráite sa Straitéis go ndéanfar cláir oiliúna teanga a fhorbairt chun cur le líon na n-oifigeach sa Státchóras atá in ann seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge. Faoin gcomhaontú seirbhíse maidir le cúrsaí oiliúna agus córas creidiúnaithe Gaeilge do Státseirbhísigh atá aontaithe idir an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus mo Roinnse ó mhí Feabhra na bliana seo, tá céimeanna sa treis faoi láthair chun feidhm chuí a thabhairt do mholtaí ábhartha na Straitéise sa réimse seo. Tá mé dóchasach go gcuideoidh na bearta seo le soláthar seirbhísí i nGaeilge ó ranna agus oifigí Stáit i gcoitinne.