Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Eitilte

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 October 2013

Tuesday, 15 October 2013

Questions (183, 184, 185, 188)

Éamon Ó Cuív

Question:

183. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil coiste stiúrtha bunaithe ag an Roinn le féachaint i ndiaidh an staidéir atá le déanamh ar riachtanas an PSO do na seirbhísí aeir chuig na hoileáin Árann; agus má tá, an bhfuil ionadaí ó na hoileáin ar an gcoiste; agus cén chaoi a bhfuil sé i gceist ionchur na n-oileánach a chinntiú sa staidéar seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [43584/13]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

184. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta na dátaí ó Mhárta 2011 go dáta a tionóladh an Coiste Monatóireachta ar na seirbhísí iompair do na hóileáin; cén uair a bheidh an chéad chruinniú eile den choiste; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [43586/13]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

185. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén comhairliúchán a rinneadh le pobail na nOileán maidir leis an athbhreithniú ar na seirbhísí aeir chuig na hoileáin Árann; cén t-ionchur a bhí acu maidir leis na téarmaí tagartha; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [43587/13]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

188. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta measúnú ar an tseirbhís aeir go hÁrainn faoi rialacháin 1008/2008 AE; cén fáth go gcaithfear é a dhéanamh anois; ar chuir AE aon tuairisc faoina leithéid; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [43592/13]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 183 to 185, inclusive, and 188 together.

Mar is eol don Teachta, tá mo Roinn ag lorg tairiscintí ó chomhlachtaí chun tabhairt faoi athbhreithniú ar an tseirbhís aeir a chuirtear ar fáil d’Oileáin Árann faoi Oibleagáid Seirbhíse Poiblí faoi Rialacháin 1008/2008 den Aontas Eorpach. Tá an t-athbhreithniú sin á dhéanamh anois mar go bhfuil gá lena leithéid faoi na Rialacháin ós rud é go raibh deireadh tagtha le tréimhse an chonartha 4 bliana a bhí i bhfeidhm don tseirbhís aeir.

Bhí pobal Oileáin Árann curtha ar an eolas roimh ré faoin athbhreithniú seo a bhfuil na téarmaí tagartha ag teacht leis na Rialacháin. Glactar leis go mbeidh ar na comhairleoirí a cheapfar cur chuige cuí a aimsiú chun tabhairt faoi athbhreithniú neamhspleách ar an tseirbhís aeir, lena n-áirítear dul i ndáil chomhairle leis na páirtithe leasmhara.

Maidir le cruinnithe ó Mhárta 2011 den choiste monatóireachta ar na seirbhísí iompair d’Oileáin Árann, is féidir liom a chur in iúl don Teachta gur tionóladh cruinnithe ar na dátaí seo a leanas: 19 Bealtaine 2011, 3 Feabhra 2012, 7 Meán Fómhair 2012 agus 25 Eanáir 2013. Níl dáta socraithe don chéad chruinniú eile den choiste monatóireachta.

Top
Share