Fuarthas iarratas an 22ú Bealtaine 2012 ón duine ainmnithe ag iarraidh go n-aistreofaí teidlíochtaí na hÍocaíochta Aonair Feirme 15.73 óna dheartháir nach maireann isteach ina ainm féin.
De bharr gur trí oidhreacht a ndéanfaí an t-aistriú a iarradh, b'éigean an gnáth doiciméadacht tiomnach a iarraidh chun tacú leis an aistriú. Chomh maith leis sin, ní fhéadfaí an uimhir thréada a aistriú chuig an duine ainmnithe óna dheartháir nach maireann go dtí gur deonaíodh Probháid i mí Bealtaine 2013.
De bharr gur aistríodh an uimhir thréada chuig an duine ainmnithe i ndiaidh an iarratais ar an Scéim Íocaíochta Aonair 2011 a bheith curtha isteach, is gá freisin iarraidh ar Sheiceadóirí Uachta an té nach maireann comhaontú go nglacfaidh siad orthu gach freagracht a bhaineann leis an Scéim Íocaíochta Aonair. Bhí oifigeach as mo Roinnse i dteagmháil leis an duine ainmnithe ag iarraidh go gcuirfí comhaontú den sórt sin i gcrích. Chomh luath agus a bheidh an doiciméad deiridh seo faighte, eiseofar an íocaíocht do na blianta ábhartha gan mhoill.