Tá an t-eolas atá iarrtha ag an Teachta sa tábla thíos.
Bliain
|
Líon céad scéimeanna daingnithe
|
Líon dara scéimeanna daingnithe
|
Líon tríú scéimeanna daingnithe
|
2004
|
1
|
-
|
-
|
2005
|
22
|
-
|
-
|
2006
|
18
|
-
|
-
|
2007
|
29
|
-
|
-
|
2008
|
15
|
-
|
-
|
2009
|
14
|
8
|
-
|
2010
|
6
|
10
|
-
|
2011
|
0
|
1
|
-
|
2012
|
3
|
6
|
-
|
2013 (go dáta)
|
4
|
8
|
1
|
Iomlán
|
112
|
33
|
1
|
Ní miste a nótáil go gcuimsíonn na scéimeanna seo beagnach 200 comhlacht poiblí a mbíonn teagmháil rialta ag an mhórchuid acu seo leis an bpobal i gcoitinne. Is fiú a nótáil fosta go bhfuil 122 dréachtscéim teanga á n-ullmhú ag comhlachtaí poiblí agus go bhfuil plé gníomhach ar siúl ag oifigigh mo Roinne le roinnt mhaith de na comhlachtaí sin. Tá mé dóchasach go mbeidh toradh dearfach ar an bplé sin agus go mbeidh tuilleadh scéimeanna á ndaingniú go luath dá bharr.
Tá sonraí maidir leis na scéimeanna uilig atá daingnithe go dáta ar fáil ar shuíomh gréasáin Oifig an Choimisinéara Teanga, www.coimisineir.ie.