Faoin bpacáiste spreagtha caipitil de chuid an Rialtais a fógraíodh sa cháinaisnéis, tá maoiniú de €6m curtha ar fáil don bhliain 2014 do Chlár Cuimhneacháin 1916. Tá roinnt tograí i gceist leis an gClár seo, lena n-áirítear Ard-Oifig an Phoist, an Chartlann Mhíleata agus Teach an Phiarsaigh.
Ní miste a nótáil nach bhfuil aon suimeanna ar leith luaite go fóill as an bpacáiste €6m d'aon cheann de na tograí seo. Tuigtear dom go ndíreofar air sin nuair a fhoilseofar na Meastacháin Athbhreithnithe faoi dheireadh na bliana.
Beidh breithniú le déanamh, ar ndóigh, i gcomhar leis na páirtithe leasmhara, ar na céimeanna a bheidh le tógáil i gcás Theach an Phiarsaigh chun an togra a chur chun cinn, i bhfianaise na n-acmhainní uile a bheidh ar fáil amach anseo faoi Chlár Cuimhneacháin 1916.