Skip to main content
Normal View

Stádas na Gaeilge san Eoraip

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 22 October 2013

Tuesday, 22 October 2013

Questions (104)

Martin Ferris

Question:

104. D'fhiafraigh Deputy Martin Ferris den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an mbeidh Rialtas na hÉireann, go cinnte, ag iarraidh ar an Aontas Eorpach (AE) deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge in AE in 2016; agus an aithníonn an tAire go bhfuil baol ann do stádas na Gaeilge in AE mura ndéantar amhlaidh faoin am sin, mar go mbeadh stádas ag an nGaeilge in AE le nach mór deich mbliana ag an bpointe sin agus go bhfuil baol ann go gcuirfear deireadh leis an stádas in ionad maolú eile a chur i bhfeidhm; agus an bhfuil imní air toisc nach bhfuil plean céimniúil curtha ar bun ag aon Rialtas ó baineadh stádas amach don Ghaeilge in AE an 1 Eanáir 2007 le fáil réidh leis an maolú faoi dháta ar leith; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44229/13]

View answer

Written answers

Ar an gcéad dul síos, is mian liom a chur in iúl don Teachta nach bhfeictear dom go bhfuil aon chúis imní ann go gcuirfear deireadh le stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas Eorpach.

Is mian liom aird an Teachta a dhíriú ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 546 ar 2 Iúil 2013 ar an ábhar seo. Mar a thug mé le fios sa fhreagra sin, beidh cinneadh le tógáil faoi dheireadh na bliana 2015 faoi thodhchaí an mhaolaithe atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le húsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus beidh an cheist seo le breithniú ag an Rialtas in am trátha.

Idir an dá linn, táthar ag obair leis na hinstitiúidí Eorpacha ar bhonn leanúnach chun a chinntiú go mbeidh dóthain foirne cáilithe fostaithe sna hinstitiúidí chun freastal ar na riachtanais a bhaineann le stádas na Gaeilge san Eoraip. Mar thacaíocht don chur chuige seo, tá céimeanna tógtha ag mo Roinnse le roinnt blianta anuas chun maoiniú a chur ar fáil d'fhorbairt na téarmaíochta Gaeilge agus do réimse de shainchúrsaí tríú leibhéal ábhartha.

Ní miste a nótáil go bhfuil mo Roinnse i mbun athbhreithnithe ar an réimse cúrsaí tríú leibhéal atá á maoiniú, féachaint an bhfuil bealach níos fócasaithe ann chun cohórt céimithe le Gaeilge a sholáthar le poist a líonadh in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Táthar ag súil go mbeidh an t-athbhreithniú seo críochnaithe faoi dheireadh na bliana.

Question No. 105 answered with Question No. 80.
Top
Share