Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Eitilte

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 22 October 2013

Tuesday, 22 October 2013

Questions (317)

Éamon Ó Cuív

Question:

317. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil aon srianta speisialta i gconradh Aer Árann maidir le hearcú foirne de bhreis ar na gnáthrialacha reachtúla; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44664/13]

View answer

Written answers

Tá conarthaí ag mo Roinnse le Galway Aviation Services Ltd., a thrádálann mar Aer Arann, chun seirbhís aeir a chur ar fáil d'Oileáin Árann agus chun seirbhísí bainistíochta aeradróim a chur ar fáil. Faoi na conarthaí sin, tá dualgas ar an gcuideachta cloí leis an reachtaíocht ábhartha uile, ina measc reachtaíocht a bhaineann le hearcú foirne. Níl aon srianta speisialta i gconarthaí mo Roinnse leis an gcuideachta.

Top
Share