Skip to main content
Normal View

Caiteachas Ranna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 22 October 2013

Tuesday, 22 October 2013

Questions (77)

Éamon Ó Cuív

Question:

77. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an mbeidh maoiniú ar fáil le haghaidh infheistíocht i mbonneagar ár nGaeltachtaí ar nós áiseanna pobail agus spóirt, bóithre, Coláistí Gaeilge, céanna agus áiseanna uisce; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44495/13]

View answer

Written answers

Tá mé sásta go mbeidh beagnach €40m le caitheamh ag mo Roinnse in 2014 ar ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán, lena n-áirítear €31.882m ar an taobh reatha agus €7.973m ar an taobh caipitil. Tuigfidh an Teachta gur figiúirí táscacha iad seo faoi réir na Meastachán a bheidh faofa amach anseo. As an soláthar sin, beidh €12m ar fáil i leith caiteachais reatha agus beidh €2.066m ar fáil i leith caiteachais caipitil faoi na Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta agus Oileán de chuid mo Roinnse.

Beidh cosaint na seirbhísí túslíne mar dhearbhthosaíocht agam, ag cur níos mó béime ná riamh ar éifeachtacht agus ar luach ar airgead a fháil ón soláthar atá ar fáil. Beidh an soláthar á chur chun fónaimh i leith scéimeanna agus tionscnaimh éagsúla a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht. Is i gcomhthéacs an phróisis sin a dhéanfar cinntí sonracha maidir leis an mbealach is fearr le freastal ar na héilimh éagsúla atá ar mo Roinnse, lena n-áirítear na héilimh a thagann ó eagraíochtaí, coistí agus coláistí Gaeilge. Sa chomhthéacs sin, is ceart a lua arís nach bhfuil mo Roinnse faoi láthair ag maoiniú bóithre, céanna ná saoráidí uisce i ndáil leis na húdaráis áitiúla sa Ghaeltacht.

Top
Share