Skip to main content
Normal View

Pobail Oileáin

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 22 October 2013

Tuesday, 22 October 2013

Questions (88)

Pearse Doherty

Question:

88. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an raibh aon phlé aige leis an Roinn Comhsaoil maidir leis an tionchar a bheadh ar phobail na nOileán i gcás go dtiocfadh deireadh le feidhmiú Chomhar na nOileán de bharr polasaithe ailínithe an Roinn Comhsaoil, agus cén céimeanna atá tógtha ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le cinnte a dhéanamh de go mbeidh ionadaíocht agus tacaíocht shásúil ag pobail na nOiléan i bhfoirm eagraíochta ar nós Chomhar na nOileán nó eile. [44220/13]

View answer

Written answers

Níl aon fhreagracht reachtúil ar mo Roinnse maidir le Comhar na nOileán ós rud é go dtagann a chuid gníomhaíochtaí faoin Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil.

É sin ráite, bíonn teagmhálacha leanúnacha ag mo Roinnse leis an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus go deimhin le pobail na n-oileán féin maidir leis na cúrsaí seo. Comhairlítear dom nach bhfuil aon chinneadh tógtha ag an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil maidir le Comhar na nOileán a bheith ag cur seirbhísí LEADER ar fáil amach anseo.

Top
Share