Rinneadh iarratas ar Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste / an Scéim Íocaíochta Aonair 2013 an 16 Bealtaine 2013 faoin uimhir thréada thuas. I ndiaidh don iarratas a bheith déanta, aistríodh an uimhir thréada sin chuig an duine ainmnithe ó ainm a mháthar.
Scríobh mo Roinn chuig an duine ainmnithe an 18 Meán Fómhair, ag cur comhairle air gur chóir dó féin agus dá mháthair foirm iarratais ar Aistriú Teidlíochta a chomhlánú chun socrú a dhéanamh teidlíochtaí na hÍocaíochta Aonair a bhí sealbhaithe in ainm a mháthar a aistriú chuig a ainm féin. Ina theannta sin, de réir mar a aistríodh an uimhir thréada chuig an duine ainmnithe tar éis dó iarratas ar an Scéim Íocaíochta Aonair a chur isteach, bhí gá le foirm bhreise trínar chomhaontaigh an duine ainmnithe leis na freagrachtaí uile a bhaineann leis an Scéim Íocaíochta Aonair. Tá na foirmeacha sin próiseáilte anois.
Déanfar an t-iarratas a phróiseáil tuilleadh d'fhonn an réamhíocaíocht faoin Scéim Íocaíochta Aonair 2013 a dhéanamh chomh luath agus is féidir. Rinneadh íocaíocht i ndáil le Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2013 an 21 Deireadh Fómhair 2013.