Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Leathanbhanda

Dáil Éireann Debate, Thursday - 24 October 2013

Thursday, 24 October 2013

Questions (25)

Sandra McLellan

Question:

25. D'fhiafraigh Deputy Sandra McLellan den Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha cad iad na pleananna atá aige chun forbairt a dhéanamh ar an ngréasán idirlín leathanbhanda sa Ghaeltacht; an leagfaidh sé amach an dul chun cinn atá déanta ar fhorbairt an ghréasáin sin go dtí seo; an dóigh leis go bhfuil tionchar ag an easpa idirlín leathanbhanda ar chruthú post; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [38492/13]

View answer

Written answers

Tá margadh teileachumarsáide na hÉireann saortha go hiomlán ó 1999 de réir riachtanais Threoracha cheangailteacha ón AE. Is cúram don earnáil phríobháideach, a oibríonn sa mhargadh lánsaortha, faoi rialáil rialtóra neamhspleách, An Coimisiún um Rialáil Cumarsáíde (ComReg), é na seirbhísí teileachumarsáide a sholáthar, lena n-áirítear seirbhísí leathanbhanda, ar an gcéad ásc. Tá seirbhísí leathanbhanda á soláthar ag roinnt soláthraithe tráchtála seirbhísí, ar ardáin éagsúla lena n-áirítear DSL (.i. thar línte teileafóin), fosaithe gan sreang, soghluaiste, cábla, snáthoptach agus saitilít. Tá sonraí faoi na seirbhísí leathanbhanda atá ar fáil ó chontae go contae ar shuíomh idirlín ComReg ag www.callcosts.ie.

Tá sé mar aidhm i bPlean Náisiúnta Leathanbhanda an Rialtais, a d'fhoilsigh mé i mí Lúnasa 2012, athrú ó bhonn a dhéanamh ar chóras leathanbhanda na hÉireann d'fhonn a chinntiú go mbeidh leathanbhanda ardluais ar fáil ag gach saoránach agus gach gnólacht, lena n-áirítear iad siúd i gceantair Ghaeltachta. Bainfear an sprioc seo amach mar seo a leanas:

- creat beartais agus rialála a sholáthar a chabhróidh le hinfheistíocht tráchtála a bhrostú agus a spreagadh, agus

- infheistíocht faoi threoir an Stáit i gceantair nach mbeadh buntáiste tráchtála iontu don mhargadh.

Ó foilsíodh an Plean tá infheistíochtaí á ndéanamh ag an earnáil tráchtála i seirbhísí líne fhosaithe agus i seirbhísí ardluais gan sreang, i gceantair uirbeacha agus leathuirbeacha go háirithe. Ní féidir leis an Stát idirghabháil a dhéanamh ach le rochtain ar sheirbhisí leathanbhanda a chinntiú i gceantair ina dteipeann ar an mhargadh iomaíoch na seirbhísí sin a sheachadadh. D'fhonn an infheistíocht faoi threoir an Stáit a chur chun cinn do na ceantair nach bhfuil bhfuil leas tráchtála le baint ag an margadh astu, ní mór próiseas soláthair a dhearadh agus faomhadh Cúnaimh Stáit an AE a fháil.

Tá feachtas cuimsitheach larscáilíochta ar bun ag mo Roinn faoi infheistíocht reatha agus ionchasach na hearnála tráchtála le fáil amach cad iad na háiteanna ina bhfuiltear ag súil go mbeidh seirbhísí leathanbhanda ardluais á seachadadh sna blianta atá romhainn. Úsáidfear torthaí an fheachtas léarscáilíochta seo le léiriú go cruinn cad iad na ceantair ar gá díriú orthu le hinfheistíocht faoi threoir an Stáit mar atá beartaithe faoin bPlean Leathanbhanda Náisiúnta.

Tá dianullmhúcháin teicniúla, airgeadais agus dlí ar bun lena n-áirítear idirbheartaíocht le páirtithe leasmhara. Cuirfear an próiseas soláthair i gcrích don idirghabháil fhaofa de réir rialacha soláthair na hÉireann agus an AE agus táthar ag súil go seolfar é i 2014.

Tá feidhmiú an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda á chomhlánú ag an Straitéis Náisiúnta Digiteach a sheoil mé i mí Iúil seo caite. Tá an chéad chéim den Straitéis Náisiúnta Digiteach dírithe ar theascáin shonracha den phobal, ar an nglacadh digiteach a fheabhsú agus leis na sochair eacnamaíocha agus shóisialta a thagann le teicneolaíochtaí digiteacha a fhíorú. Aithnítear sa straitéis chomh luachmhar is atá sé do phobail, do shaoránaigh agus do ghnólachtaí glacadh leis an idirlíon. Mar shampla, léiríonn taighde a rinneadh don Choimisiún Eorpach go bhfásann gnólachtaí a bhfuil láithreacht shuntasach acu ar líne dhá uair chomh mear, go n-easpórtáileann siad a dhá oiread agus go bhfostaíonn siad a dhá oiread daoine. Tá togra ag an Straitéis Náisiúnta Digiteach mar sin le cabhrú le gnólachtaí beaga trádáil ar líne.

Trí fheidhmiú an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda agus an Straitéis Náisiúnta Dhigiteach, déanfaidh mé dhícheall a chinntiú go mbeidh rochtain ar leathanbhanda ardluais ag gach cuid d'Éirinn agus go mbeidh gach saoránach agus gach gnólacht in ann a bheith rannpháirteach go hiomlán i ngeilleagar agus i sochaí a bheidh cumasaithe go digiteach, agus an leas is mó a bhaint as.

Top
Share