Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 599 agus 600 le chéile.
Faoin mbeartas speisialta atá i gceist ag an Teachta, íoctar deontas in aghaidh an lae faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge le teaghlaigh cáilithe ar oileáin i leith daltaí lasmuigh den Ghaeltacht, a bhíonn ar iostas leo fad a bhíonn siad ag freastal ar an meánscoil ar bhonn lánaimseartha ar na hoileáin sin. Cuireadh an socrú seo i bhfeidhm chun cabhrú le hinmharthanacht na meánscoileanna ar oileáin Ghaeltachta agus ar mhaithe le hinmharthanacht na n-oileán go ginearálta.
Íoctar an deontas faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, cé go mbíonn na daltaí ag freastal ar mheánscoil in áit choláiste samhraidh agus cé go gcaitheann siad tréimhse níos faide sa Ghaeltacht. Tá teorainn de thríocha (30) curtha leis an líon daltaí gur féidir a aithint sna meánscoileanna seo le go mbeidh cóimheas folláin agus torthúil idir na daltaí ón taobh amuigh agus daltaí ón oileán. Faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, íocann mo Roinnse €9.50 in aghaidh an lae leis na teaghlaigh i gcás na gcoláistí samhraidh i gcoitinne agus íoctar €27 in aghaidh an lae leis na teaghlaigh faoin socrú speisialta seo. Tá mé sásta gur leor an deontas seo ag cur na cúinsí uile san áireamh.