Skip to main content
Normal View

Scéim Feirmeoireachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 November 2013

Tuesday, 5 November 2013

Questions (913)

Éamon Ó Cuív

Question:

913. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cé mhéad ceadúnas um fheirmeoireacht éisc an bhradáin atá i bhfeidhm maidir le cuan Chill Chiaráin; cé leis gach ceadúnas; cén uair a eisíodh iad; cén fhaid a mhairfidh na ceadúnais; an raibh gá ag chuile cheann acu le ráiteas tionchair timpeallachta faoi rialacha Natura 2000 ó tharla gur ceantar SAC agus SPA an cuan seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [46509/13]

View answer

Written answers

Léirítear i dtaifid mo Roinne go bhfuil toilithe imill trá do shaothrú bradán i gCuan Chill Chiaráin i seilbh na gcuideachtaí atá liostaithe thíos.

Ceadúnas

Cuideachta

Dáta Eisithe an Toilithe

Fad an Toilithe

AQ 428

Bradán Beo Teo

30/08/2002

29/08/2012

AQ 431

Bradán Beo Teo

30/08/2002

29/08/2012

AQ 432

Bradán Beo Teo

30/08/2002

29/08/2012

AQ 427

Bradán Beo Teo

30/08/2002

29/08/2012

AQ 429

Bradán Beo Teo

30/08/2002

29/08/2012

AQ 426

Tairgeoirí Biamara Atlantach Teo

30/08/2002

29/08/2012

AQ 380

Feirmeoirí Bradán Chill Chiaráin Teo

01/02/2002

31/01/2012

Tá stádas na dtoilithe i seilbh Fheirmeoirí Bradán Chill Chiaráin Teo agus Táirgeoirí Biamara Atlantach Teo á scrúdú ag mo Roinn faoi láthair. Ó tharla go gcuimsíonn Cuan Chill Chiaráin suíomh ‘Natura 2000’ ainmnithe a chorpraíonn na gníomhaíochtaí dobharshaothraithe thuas, caithfear Measúnú Cuí i gcomhréir le forálacha na dTreoracha maidir le hÉin agus Gnáthóga a thabhairt chun críche sular féidir cinneadh maidir le hathnuachan féideartha na dtoilithe dobharshaothraithe a dhéanamh. Tá an ceanglas seo maidir le Measúnú Cuí ar leithligh ó scrúdú leanúnach mo Roinne ar stádas na dtoilithe i leith Fheirmeoirí Bradán Chill Chiaráin Teo agus Táirgeoirí Biamara Atlantach Teo.

Top
Share