Skip to main content
Normal View

Plean Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 14 November 2013

Thursday, 14 November 2013

Questions (62)

Pearse Doherty

Question:

62. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil nó an mbeidh cúinsí sochtheangeolaíochta curtha san áireamh agus scoileanna le haghaidh stádas DEIS á roghnú ag a Roinn, ó tharla gur foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 inar dúradh: Leanfar de bheith ag tabhairt deise do gach dalta Gaeltachta a gcuid oideachais a fháil trí mheán na Gaeilge. Déanfaidh an Roinn Oideachais agus Scileanna i gcomhairle leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta iniúchadh ar na socruithe oiriúnacha don soláthar sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48593/13]

View answer

Written answers

Is é an bunchritéar, agus scoil á roghnú le bheith rannpháirteach i scéim DEIS, leibhéal míbhuntáiste na scoile i gcomparáid le scoileanna eile. Tar éis próiseas aitheantais, ar aon dul le dea-chleachtas idirnáisiúnta, inar úsáideadh na foinsí sonraí ab fhearr dá raibh ar fáil, roghnaíodh na scoileanna is mó a mheastar atá faoi mhíbhuntáiste le bheith rannpháirteach i gclár DEIS. Ba é an Foras Taighde ar Oideachas a bhí i mbun an phróisis aitheantais thar cheann na Roinne, agus bhí tacaíocht aige ó obair ar dhearbhú cáilíochta a comhordaíodh trí Oifigí Réigiúnacha agus Cigireacht na Roinne. Níor tógadh aon cheann de thosca sochtheangeolaíochta agus na critéir roghnúcháin do rannpháirtíocht i gclár DEIS á socrú. Ar na hathróga a roghnaíodh bhí measúnú míbhuntáiste faoi threoir an sainmhíniú ar mhíbhuntáiste san Acht Oideachais (1998) ina dtagraítear do thorthaí foghlama agus do thosca sóisialta agus eacnamaíochta araon ós rud é gur i dteannta a chéile is fearr a réamhinsíonn siad gnóthachtáil.

San earnáil bhunoideachais roghnaíodh bunscoileanna tar éis anailís a dhéanamh ar shuirbhé a rinneadh an Foras ar bhunscoileanna na tíre. Na hathróga seo a leanas is ea a cuireadh san áireamh:

-dífhostaíocht

- i gcóiríocht údarás áitiúil

- de thuismitheoirí aonair

- den Lucht Siúil

- de theaghlaigh mhóra (cúigear páistí nó níos mó)

- de dhaltaí a cháiligh le haghaidh leabhair shaor in aisce

Roghnaíodh na scoileanna dara leibhéal, tar éis anailís a dheanamh ar shonraí ó Bhunachar Sonraí na nDaltaí Iar-bhunoideachais agus ó bhunachair shonraí Choimisiún na Scrúduithe Stáit, a gcoimeádtar in áit lárnach, bunaithe ar na hathróga seo:

- Sonraí cártaí leighis maidir le hiarrthóirí Teastas Sóisearach

- Rátaí coinneála Teastas Sóisearach de réir scoile

- Torthaí scrúdaithe sa Teastas Sóisearach, comhiomlánaithe go leibhéal scoile. Bunaíodh é sin ar fheidhmíocht an dalta sna seacht n-ábhar ab fhearr i gcás gach dalta, comhiomlánaithe go leibhéal scoile

- Rátaí coinneála Ardteistiméireachta de réir scoile

Seo a leanas na staitisticí i gcás na scoileanna Gaeltachta agus Gaeilge a roghnaíodh le bheith rannpháirteach i gclár DEIS:

Earnáil na mBunscoileanna - 52 scoileanna i gceantair Ghaeltachta agus 15 Ghaelscoileanna arb ionann é sin agus 10% de na bunscoileanna ar fad i scéim DEIS agus 27% de líon iomlán na mbunscoileanna Gaeilge agus Gaeltachta.Earnáil na n-Iar-bhunscoileanna - 8 scoileanna i gceantair Ghaeltachta agus 7 nGaelcholáistí arb ionann é sin agus 7.7% de na hiar-bhunscoileanna ar fad i scéim DEIS agus 33% de líon iomlán na n-iar-bhunscoileanna Gaeilge agus Gaeltachta.

Tá mo Roinne lándáiríre faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm lena n-áirítear na moltaí maidir le cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht agus i scoileanna Gaeilge. Táimid ag obair go dlúth lenár gcomhghleacaithe sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun tacú le cur i bhfeidhm gach ceann de na bearta oideachais iomadúla sa Straitéis.

Top
Share