Skip to main content
Normal View

Forbairt Thionscal na hIascaireachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 19 November 2013

Tuesday, 19 November 2013

Questions (375)

Éamon Ó Cuív

Question:

375. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén infheistíocht atá ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta don fheirmeoireacht éisc i ngach bliain ó 2011 i leith, an méid airgid a infheistíodh go dtí seo i rith na tréimhse sin, cé na comhlachtaí a bhí i gceist; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [49188/13]

View answer

Written answers

Mar go bhfuil eolas cuimsitheach iarrtha ag an Teachta, tuigtear dom nach féidir le hÚdarás na Gaeltachta an t-eolas seo a chur le chéile laistigh den amscála atá ar fáil don Cheist Dála.

Tá iarrtha agam, mar sin, ar Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta an t-eolas ábhartha a chur ar fáil go díreach don Teachta chomh luath agus is féidir.

Top
Share