Skip to main content
Normal View

Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 19 November 2013

Tuesday, 19 November 2013

Questions (597)

Éamon Ó Cuív

Question:

597. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste agus faoin Scéim Íocaíochta Aonair do 2013 le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo), cén fáth nach bhfuil an íocaíocht seo éisithe go fóill; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [49313/13]

View answer

Written answers

Chuir an té a ainmnítear iarratas isteach faoin Scéim Íocaíochta Aonair/Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste ar an 16 Aibreán 2013. Éilítear faoi Rialacháin de chuid an AE a dtagann an riarachán i ndáil leis na scéimeanna faoina scáth go ndéantar seiceáil iomlán riaracháin den chuimsitheacht, lena mbaineann i roinnt cásanna, cuairt chigireachta ar an bhfeirm, sula n-eisítear íocaíocht de chineál ar bith.

Roghnaíodh iarratas an té a ainmnítear maidir le scrúdú i ndáil le hincháilíocht na talún agus croschomhlíontas.

Sonraíodh, ar incháilíocht na talún a scrúdú, míréir áirithe idir an réimse talún a dearbhaíodh agus an réimse talún a bhí ar fáil, rud a d'fhag gur ndearnadh ródhearbhú idir 3% agus 20% maidir le hachar na talún. Tagann dá thoradh sin, bunaithe ar Théarmaí agus ar Choinníollacha na Scéimeanna, go mbunaítear íocaíochtaí na bliana 2013 ar achar an réimse talún a bhí ar fáil arna laghdú de dhá oiread an difríocht idir an t-achar a bhí ar fáil agus an t-achar a ndearnadh éileamh ina leith. Cuirfear an té a ainmnítear ar an eolas faoin gcinneadh sin go gairid chomh maith lena chur in iúl dó go bhfuil de cheart aige athbhreithniú ar an gcinnedh a iarraidh.

Sonraíodh, ar chúrsaí croschomhlíontais a iniúchadh, sárú maidir le coinníollacha a bhaineann leis na Rialacháin Níotráití agus le Caoi Mhaith Talmhaíochta agus Comhshaoil, agus bhí píonós 40% le gearradh dá bharr sin. Cuireadh an té a ainmnítear ar an eolas faoin gcinneadh sin ar an 20 Meán Fómhair 2013. Cuireadh in iúl don té a ainmnítear chomh maith go bhfuil de cheart aige athbhreithniú a iarraidh ar an gcinneadh seo.

Sa chás go mbíonn an té a ainmnítear míshásta leis an toradh ar athbhreithniú, is féidir achomharc a dhéanamh maidir leis an mbreith sin leis an Oifig Achomharc Talmhaíochta Neamhspleách, taobh istigh de thréimhse 3 mhí.

Rinneadh íocaíochtaí i leith na bliana 2013 a bhí dlite faoin Scéim Íocaíochta Aonair agus Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste, faoi seach, arna mbunú ar a leagtar amach thuas, a eisiúint go díreach leis an gcuntas bainc a bhí sonraithe ag an té a ainmnítear ar an 14 agus an 15 Samhain 2013.

Top
Share