Skip to main content
Normal View

Scoileanna Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 3 December 2013

Tuesday, 3 December 2013

Questions (10)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

10. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas maidir le todhchaí Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teoranta ó thaobh thacaíocht a Roinne de; ar phléigh an tAire ceist an Oideachais Gaeltachta ag leibhéal na Comhaireachta Thuaidh Theas i gcomhthéacs athchóiriú na n-eagraíochtaí bunmhaoinithe; agus ar phléigh sé an cheist leis an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann, agus má rinne, cén chonclúid a bhí ar an cheist sin. [51473/13]

View answer

Written answers

Mar eolas don Teachta, chuir mo Roinnse cúnamh gur fiú €780,000 (bunaithe ar 75% den chostas) ar fáil d’Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta (ESG) ón mbliain 2007 chun cur ar a gcumas foireann a fhostú agus oifig a riar. Tugadh maoiniú d'ESG le dhá bhliain anuas ar an gcoinníoll go rachadh an cónascadh, a bhí beartaithe acu féin a dhéanamh le Gaelscoileanna Teo., ar aghaidh. Tiocfaidh deireadh le maoiniú mo Roinne d'ESG ag deireadh na bliana seo ós rud é nach bhfuil an cónascadh sin ag dul ar aghaidh anois.

Ag an gcruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ar 10 Iúil 2013, aontaíodh go mbeidh córas nua maoinithe in áit an chórais bhunmhaoinithe a bhí i bhfeidhm ag Foras na Gaeilge go dtí seo. Faoi na socruithe nua maoinithe de chuid an Fhorais, beidh 6 eagraíocht cheannais ag feidhmiú ar bhonn uile-oileáin agus ag seachadadh tosaíochtaí straitéiseacha ar leith, lena n-áirítear tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge. Ós rud é go bhfuil feidhm reachtúil ag Foras na Gaeilge faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 maidir le tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge, luíonn sé le réasún go mbeidh an eagraíocht cheannais a roghnófar sa réimse seo ag tacú le gaelscoileanna agus le scoileanna Gaeltachta araon. Tá an próiseas chun na heagraíochtaí ceannais a roghnú ar bun ag Foras na Gaeilge i láthair na huaire. Tuigtear dom go bhfuiltear ag súil go mbeidh torthaí an phróisis fógartha i mí Eanáir 2014.

Top
Share