Skip to main content
Normal View

Ionad Stórála

Dáil Éireann Debate, Thursday - 5 December 2013

Thursday, 5 December 2013

Questions (136)

Éamon Ó Cuív

Question:

136. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil iarratas déanta ag Cumann Tarrthála Sléibhe na Gaillimhe chuig Údarás na Gaeltachta ar ionad stórála do na feithiclí agus don trealamh atá acu; má tá, cén dearcadh atá ag an Údarás ar an iarratas agus mura bhfuil, an mbreathnódh an tÚdarás go báúil ar iarratas ón gcumann agus an tábhacht a bhaineann leis an tseirbhís dheonach thábhachtach seo do Ghaeltacht Chonamara á cur i gcuntas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [52312/13]

View answer

Written answers

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta nach bhfuil aon iarratas faighte acu go dáta ón eagraíocht atá luaite ag an Teachta. Sá chás go dtagann iarratas uathu, déanfar é sin a mheas sa ghnáthbhealach.

Top
Share