Skip to main content
Normal View

Caiteachas Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 15 January 2014

Wednesday, 15 January 2014

Questions (416, 417)

Sandra McLellan

Question:

416. D'fhiafraigh Deputy Sandra McLellan den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén luach saothair nó cé na cnapshuimeanna atá íoctha leis an Iarbhainisteoir Reigiúnach ag Údarás na Gaeltachta i nDún na nGall, le cúig bliana anuas ó d'éirigh sé as a phost san Údarás, lena n-áirítear aon chnapshuim agus íocaíochtaí pinsin nó aon íocaíochtaí eile. [55246/13]

View answer

Sandra McLellan

Question:

417. D'fhiafraigh Deputy Sandra McLellan den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén luach saothair nó cé na cnapshuimeanna atá íoctha leis an bPríomhfheidhmeannach ag Údarás na Gaeltachta, le cúig bliana anuas ó d'éirigh sé as a phost san Údarás, lena n-áirítear aon chnapshuim agus íocaíochtaí pinsin nó aon íocaíochtaí eile. [55247/13]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé ceisteanna Uimh. 416 agus 417 le chéile.

Táim ag glacaim leis gurb é iar-Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta atá i gceist ag an Teachta sa dara ceist.

Comhairlítear dom ag Údarás na Gaeltachta go bhfeictear don eagraíocht go dtagann sonraí a bhaineann le híocaíochtaí den chineál atá luaite ag an Teachta faoin Acht Um Chosaint Sonraí 1988-2003 agus, dá bhrí sin, nach féidir leis an Údarás an t-eolas atá iarrtha a chur ar fáil.

Comhairlítear dom fosta go raibh aon íocaíocht a rinneadh sna cásanna atá luaite dlite faoi Scéim Aoisliúntais Foirne Údarás na Gaeltachta agus i gcomhréir leis na rátaí pá do na postanna a bhí i gceist.

Top
Share