Skip to main content
Normal View

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 16 January 2014

Thursday, 16 January 2014

Questions (176)

Éamon Ó Cuív

Question:

176. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta céard é líon na scoláirí a d’fhreastail ar Choláistí Samhraidh faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge gach bliain le deich mbliana anuas; cén méid airgid san iomlán a íocadh faoin scéim gach bliain agus cén soláthar airgid a bheidh ann faoin scéim seo do 2014; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2052/14]

View answer

Written answers

Tugann an tábla thíos sonraí maidir le líon na bhfoghlaimeoirí a d'fhreastail ar choláistí Gaeilge idir 2004 agus 2013 agus caiteachas mo Roinne faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.

Bliain

Líon Foghlaimeoirí

Caiteachas na Roinne

2004

24,577

€3,638,029

2005

25,203

€4,260,625

2006

26,645

€4,816,150

2007

26,271

€5,294,957

2008

28,112

€5,593,486

2009

27,586

€5,593,458

2010

25,120

€4,727,849

2011

24,714

€4,446,159

2012

23,840

€4,051,424

2013

22,798

€3,772,754

Tá €6.1 milliún curtha ar fáil i maoiniú reatha do mo Roinn sna Meastacháin in 2014 le haghaidh na Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta, lena n-áirítear Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.

Top
Share