Tá mo Roinn freagrach as na sé Ionad Cuain Iascaigh atá lonnaithe ag Binn Éadair, Dún Mór Thoir, Baile Chaisleáin Bhéarra, Daingean Uí Chúis, Ros an Mhíl agus Na Cealla Beaga. Cuireann na hIonaid Chuain Iascaigh seirbhísí agus saoráidí riachtanacha ar fáil don tionscal iascaireachta ar fud chósta na hÉireann. Tá mo Roinn freagrach chomh maith as Cuan Thrá Chiaráin i gCléire agus as raon Céanna, Soilse agus Rabhchán timpeall an chósta a chothabháil i gcomhréir le hacht céanna, soilse agus rabhchán 1902 Iar-Bhord na gCeantar Cúng.
Tá an obair dheisiúcháin do chéanna agus cuanta faoi úinéireacht Údarás Áitiúil agus do chosaintí cósta eile fós ar an gcéad ásc faoi fhreagracht an Údaráis Áitiúil cuí.
Tá an Rialtas ag déanamh machnaimh ar an ngníomh cuí chun déileáil leis an tionchar a bhí ag na stoirmeacha a tharla le déanaí ar fud na tíre. Tháinig an Grúpa Comhordaithe Náisiúnta ar Aimsir Chrua, a bhfuil ionadaíocht ag mo Roinn air, le chéile chun an damáiste a rinne na stoirmeacha ar infrastruchtúr agus ar phobail a mheas agus chun freagra comhordaithe ó údaráis áitiúla, ó Ranna Rialtais agus ó Ghníomhaireachtaí Rialtais ábhartha a chinntiú.