Skip to main content
Normal View

Earcaíocht san Earnáil Phoiblí

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 29 January 2014

Wednesday, 29 January 2014

Questions (90)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

90. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a líonfaidh sé an folúntas do Phríomh-Oifigeach sa Bhrainse Logaimneacha le duine ag a mbeidh na cáilíochtaí cuí mar thaighdeoir, ionas gur féidir leis an gCoiste Logaimneacha tuairiscí cruinne a fháil uaidh nó uaithi chun oibriú dá réir. [4376/14]

View answer

Written answers

Oibríonn an Brainse Logainmneacha laistigh de Rannóg Gaeilge agus Gaeltachta mo Roinne. Tá beirt Ardoifigeach Logainmneacha agus Oifigeach Logainmneacha amháin fostaithe ar an bhfoireann taighde sa Roinn faoi láthair agus iad ag plé le clár oibre ar leith.

Mar is eol don Teachta, níl Príomhoifigeach Logaimneacha fostaithe ag an Roinn faoi láthair, ós rud é go bhfuil mo Roinnse ag feidhmiú faoi réir an choisc ar earcaíocht san earnáil phoiblí. É sin ráite, is cúis áthais dom a chur in iúl don Teachta go bhfuil an post seo a líonadh ar an mbonn gur post gníomhach a bheidh ann agus tá socruithe á gcur in áit chuige sin anois. Táim muiníneach go gcuirfidh sé seo an leibhéal riachtanach tacaíochta ar fáil don Choiste Logainmneacha.

Top
Share