Skip to main content
Normal View

Suíomhanna Scoile

Dáil Éireann Debate, Thursday - 30 January 2014

Thursday, 30 January 2014

Questions (59)

Éamon Ó Cuív

Question:

59. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aige cruinniú a eagrú le lucht Ghaelscoil Mhic Dara sula mbronnfar an conradh chun an claí teorann a athrú; céard iad na comhráite a bhí ag an Roinn le lucht Ghaelscoil Mhic Dara go dtí seo maidir leis an gceist seo, ag cur sabháilteacht na ngasúr i gcuntas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4720/14]

View answer

Written answers

Táthar tar éis a chur in iúl d'údaráis na scoile go mbeidh mo Roinnse i dteagmháil leo go gairid chun cruinniú ar an suíomh a shocrú leo chun na hathruithe ar an dteorainn a phlé.

Top
Share