Skip to main content
Normal View

An Teanga Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 4 February 2014

Tuesday, 4 February 2014

Questions (228)

Pearse Doherty

Question:

228. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Oideachais agus Scileanna cén gníomh atá beartaithe aige a dhéanamh chun gníomhú de bhun mholadh an Choimisinéara Teanga i leith Phobalscoil Chloich Chionnaola; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5194/14]

View answer

Written answers

Is mian liom a chur in iúl don Teachta go ndeachaidh mo Roinnse i dteagmháil le déanaí le Pobalscoil Chloich Cheannfhaola maidir leis na socruithe gur cuí iad a chur ar bun i gcomhair fheidhmiú na moltaí a rinne An Coimisinéir Teanga i gcás na scoile i gceist. Bainfidh na socruithe sin le soláthar a dhéanamh do leathnú an oideachais trí mheán na Gaeilge chuig leibhéal na hArdteistiméireachta do mhic léinn ón nGaeltacht agus do mhic léinn eile gur rogha leo sin, agus le teacht ar chomhaontú le húdaráis na scoile i gceist go ndéanfar athbhreithniú ar oibriú an chórais oideachais trí Ghaeilge sa scoil tar éis líon comhaontaithe blianta chun a chinntiú go bhfuil ag éirí leis.

Top
Share