Skip to main content
Normal View

An Curaclam Scoile

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 11 February 2014

Tuesday, 11 February 2014

Questions (230)

Seán Kyne

Question:

230. D'fhiafraigh Deputy Seán Kyne den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil tús curtha leis an obair ar mhúineadh na n-ábhar neamhtheanga go páirteach trí mheán na Gaeilge ag an leibhéal bunscoile agus meánscoile a éascú mar atá beartaithe sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. [6909/14]

View answer

Written answers

Go nuige seo, tá mo Roinnse tar éis díriú ar bhearta oideachasúla sa Straitéis 20 Bliain a cur i gcrích a bhaineann leis an gcuraclam, le measúnú agus le hoideachas múinteoirí. Mar shampla, tá obair a rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta maidir le forbairt curaclaim nua chomhtháite teanga don Bhéarla agus don Ghaeilge ag an mbunleibhéal curtha chun cinn go maith. Beidh an curaclam seo le fáil ó na naíonáin suas go dtí an dara rang i mí Mheán Fómhair 2014. Tá tús curtha chomh maith le forbairt sonraíochta nua don Ghaeilge ag an tSraith Shóisearach. Breithneofar múineadh ábhar neamh-theanga go páirteach trí Ghaeilge i scoileanna inarb í an Béarla an meán teagaisc in éineacht leis na forbairtí curaclaim seo.

Top
Share