Skip to main content
Normal View

Teagasc na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 11 February 2014

Tuesday, 11 February 2014

Questions (231)

Seán Kyne

Question:

231. D'fhiafraigh Deputy Seán Kyne den Aire Oideachais agus Scileanna i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, cad iad na bearta atá glactha chun athstruchtúrú agus cláir na Gaeilge do mhúinteoirí bunleibhéil faoi oiliúint a fheabhsú chun múinteoirí a ullmhú níos fear i gcumarsáid teanga lena gcuid daltaí. [6912/14]

View answer

Written answers

Sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 tá roinnt gníomhartha maidir le feabhas a chur ar cháilíocht Theagasc na Gaeilge. Tá an Rialtas seo tiomanta do thacú le héirim fhoriomlán na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus bainfidh sé amach na cuspóirí agus na spriocanna indéanta atá molta. Tá Oideachas Tosaigh Múinteoirí: Critéir agus Treoirlínte d'Oideachas Tosaigh Múinteoirí (OTM) foilsithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta. Cuireann na treoirlínte seo de cheangal ar na soláthraithe OTM uile cláir oideachais múinteoirí a dhearadh a thabharfaidh aird ar chaighdeán na Gaeilge i measc bunmhúinteoirí maidir le teagasc na Gaeilge mar ábhar agus í a úsáid mar mheán cumarsáide agus teagaisc i scoileanna. Thosaigh an chéim Bhaitsiléara san Oideachas athchoincheaptha agus leathnaithe sa bhliain 2012 agus tá sé i gceist an príomhchlár iarchéime san OTM a thosú i Meán Fómhair 2014. Tá clár cónaithe Gaeltachta leathnaithe agus athchoincheaptha mar chuid den chlár tosaigh foriomlán OTM anois. Leathnaíodh an clár cónaithe Gaeltachta chuig dhá thréimhse de dhá sheachtain. Tá soláthraithe oideachais tosaigh múinteoirí freagrach as an dearbhú cáilíochta in ábhar, teagasc agus measúnú ghné na Gaeltachta de chláir OTM. Déanfar soláthar do mhuinín agus d'inniúlacht na múinteoirí faoi oiliúint sa Ghaeilge trí chur chuige ilghnéitheach le fócas ar Ghaeilge labhartha.Tá roinnt Coláistí Oiliúna ag soláthar gnéithe dá gcláir OTM as Gaeilge freisin. Rinne an Chomhairle Mhúinteoireachta sraith de chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara an oideachais, maidir le moltaí faoi na riachtanais iontrála don Ghaeilge ar chúrsaí oiliúna múinteoirí a ardú agus tá molta ag an gComhairle go bhfuil gá le tuilleadh taighde sula mbeidh siad in ann comhairle chríochnaitheach a thabhairt. D'iarr mé go ndéanfaí an scéal a bhrostú agus táim ag tnúth le toradh an bhearta seo. Sa deireadh thiar thall ba chóir go mbeadh tionchar ag na feabhsuithe éagsúla sa Ghaeilge ar an seomra ranga.

Top
Share