Skip to main content
Normal View

Cúram agus Oideachas na Luath-Óige

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 11 February 2014

Tuesday, 11 February 2014

Questions (562, 563)

Seán Kyne

Question:

562. D'fhiafraigh Deputy Seán Kyne den Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige an féidir léi gné den Ghaeilge a ionchorprú in oiliúint oideachais agus oiliúint cúramóirí gairmiúla i gcomhthéacs na n-áiseanna cúraim leanaí, go háirithe i gceantair ina bhfuil céatadán measartha den phobal ag labhairt na Gaeilge. [6910/14]

View answer

Seán Kyne

Question:

563. D'fhiafraigh Deputy Seán Kyne den Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige an bhfuil an Ghaeilge mar ábhar de chuid na Scéime um Chúram agus Oideachas Luath-Óige (COLO) agus mura bhfuil, an féidir breathnú air sin, i gcomhthéacs na haidhme foriomláine líon na ndaoine a úsáideann an Ghaeilge a mhéadú agus tacú le hinmharthanacht leanúnach na Chéad Teanga, thrí ghné de mhúineadh na Gaeilge sa scéim sin a thabhairt isteach. [6911/14]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 562 and 563 together.

Tugadh an clár um Chúram agus Oideachas na Luath-óige (COLÓ) isteach i Mí Eanáir 2010 agus cuireann sé bliain réamhscolaíochta ar fáil atá saor in aisce do gach leanbh incháilithe sula dtosaíonn siad ar an mbunscoil. Bhain thart ar 68,000 leanbh leas as an mbliain réamhscolaíochta saor in aisce sa bhliain acadúil 2012/2013 agus cuireadh maoiniú de €175 milliún ar fáil le tacú leis an soláthar. Táthar ag súil leis go mbainfidh oiread céanna leanaí leas as an gclár sa bhliain reatha.

Tá gach doiciméad a bhaineann le clár COLÓ, foirmeacha iarratais agus foirmeacha dearbhaithe thuismitheora san áireamh, ar fáil i nGaeilge faoi mar atá riachtanach faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus is féidir teacht orthu ar shuíomh gréasáin mo Roinnese nó go díreach ón Roinn. Tá an conradh ar fáil i nGaeilge freisin agus is féidir le soláthróirí seirbhíse a gcuid tuairisceán leictreonach a chur faoinár mbráid i nGaeilge.

Tá thart ar 4,300 seirbhís cúraim leanaí ag soláthar an clár réamhscolaíochta saor in aisce, agus 234 de na soláthróirí seo ag úsáid an téarma Naíonra mar chuid de theideal a seirbhíse. Níor iarr ach dornán beag de sholáthróirí seirbhíse an leagan Gaeilge den chonradh, áfach, agus i mbliana níor chuir ach 60 seirbhís a gcuid tuairisceán leictreonach faoinár mbráid agus iad ag úsáid leagan Gaeilge den fhoirm thuairisceáin leictreonach.

Cuirtear an bhliain réamhscolaíochta saor in aisce ag idir sholáthróirí tráchtála agus pobail agus is ar an soláthróir seirbhíse atá an fhreagracht an meán a chinneadh trína seachadtar an soláthar réamhscolaíochta.

Cuireann mo Roinnese maoiniú tacaíochta bliantúil ar fáil d’Fhorbairt Naíonraí Teoranta, atá ina heagraíocht dheonach uile-Éireann a thacaíonn le cothú na seirbhísí oideachais agus cúraim do leanaí trí mheán na Gaeilge. Ba é luach an mhaoinithe seo ná €241,000 i 2013. Tá réamhscoileanna Gaeilge bunaithe ar fud na gceantar Gaeltachta le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Is é Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teoranta an comhlacht neamhspleách a bunaíodh leis na réamhscoileanna seo a riar agus a bhainistiú.

Top
Share