Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Talmhaíochta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 February 2014

Thursday, 13 February 2014

Questions (226)

Éamon Ó Cuív

Question:

226. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoi REPS le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí tugtha); cén fáth go bhfuil moill leis an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7331/14]

View answer

Written answers

Chuaigh an duine ainmnithe isteach sa Scéim REPS 4 i mí Eanáir 2010 agus fuair íocaíochtaí don chéad trí bliana den chonradh.

Is beart faoin gClár um Fhorbairt Tuaithe 2007-13 é REPS 4 agus bíonn sé faoi réir rialachán AE a éilíonn go dtugtar seiceálacha riaracháin mionsonraithe ar gach iarratas chun críche sula ndéantar aon íocaíocht. Tá an próiseas sin tugtha chun críche maidir le híocaíochtaí 2013 agus eisíodh an íocaíocht 75% Bliain 4, arbh fhiú €3,702.45 é, an 7 Feabhra 2014. Eiseofar an iarmhéid de 25% go luath.

Top
Share