Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 6 March 2014

Thursday, 6 March 2014

Questions (31)

Peadar Tóibín

Question:

31. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad é an buiséad a bhí ag Údarás na Gaeltachta chun fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht, cad iad na rátaí dífhostaíochta i gceantair Ghaeltachta; cé mhéad post a chruthaigh Údarás na Gaeltachta le 5 bliana anuas agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10738/14]

View answer

Written answers

Tá buiséad iomlán de €17.485 milliún curtha ar fáil i Vóta mo Roinne d’Údarás na Gaeltachta i mbliana chun cuidiú lena chuid spriocanna a bhaint amach, lena n-áirítear buiséad caipitil de €5.687 milliún. Anuas air sin, tá cead ag an Údarás an fáltas a fhaightear ó dhíol maoine a athinfheistiú ina chlár caipitil. Tuigim go mbeidh fáil ag Údarás na Gaeltachta ar thart ar €2 mhilliún eile i mbliana chun na críche sin.

Tá an méid post a chruthaigh Údarás na Gaeltachta do na bliana 2009 - 2013 léirithe sa tábla thíos:

Bliain

Méid post a cruthaíodh

2009

710

2010

704

2011

734

2012

689

2013

616

Ar deireadh, tuigim ón Údarás nach bhfuil na figiúirí maidir le rátaí dífhostaíochta sa Ghaeltacht ar fáil ag an eagraíocht. Tuigtear dom go mbeadh na figiúirí sin ag an Roinn Coimirce Sóisialaí.

Top
Share