Skip to main content
Normal View

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 6 March 2014

Thursday, 6 March 2014

Questions (33)

Peadar Tóibín

Question:

33. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na pleananna atá aige chun aghaidh a thabhairt ar an imní atá ann maidir leis an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge. [10737/14]

View answer

Written answers

Tá sé ráite i gClár an Rialtais 2011-2016 go dtacóidh an Rialtas leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus go ndéanfar na spriocanna indéanta atá molta inti a sheachadadh. Mar is eol don Teachta, is ar mo Roinnse atá an fhreagracht uileghabhálach an Straitéis a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le réimse mór páirtithe leasmhara. Déanann mo Roinnse monatóireacht leanúnach ar chur i bhfeidhm na Straitéise i gcomhpháirtíocht leis na páirtithe leasmhara sin. Mar chuid den phróiseas sin, d'fhoilsigh mé tuarascáil i mí Iúil 2013 inar léiríodh an dul chun cinn foriomlán atá déanta maidir le feidhmiú na Straitéise le linn na tréimhse ó 2010 go 2013. Ina theannta sin, d'fhoilsigh na Ranna Rialtais ábhartha, aon cheann déag acu san iomlán, a gcuid pleananna forfheidhmithe faoin Straitéis ag an am céanna. Dá bhrí sin, is léir domsa go bhfuil cur chuige soiléir ann maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise agus go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh go staidéarach agus go stuama laistigh de na hacmhainní atá ar fáil.

Ní miste a lua go bhfuil sé beartaithe agam Coiste Comhairleach a bhunú i gcomhar leis na heagraíochtaí ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta chun plé go sonrach le cur i bhfeidhm na Straitéise agus an phróisis pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta. Is i gcomhthéacs an róil chomhordaithe atá ag mo Roinn maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise atá an Coiste Comhairleach á bhunú agam. Táim ag súil go dtabharfaidh bunú an Choiste Chomhairligh deis do na heagraíochtaí ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta plé le mo Roinn maidir leis an mbealach is fearr an Straitéis agus an próiseas pleanála teanga a chur i bhfeidhm. Táim ag súil fosta go gcothóidh an Coiste Comhairleach comhoibriú agus comhthuiscint níos fearr idir na páirtithe éagsúla i dtaca leis an Straitéis agus leis an bpróiseas pleanála teanga.

Is léiriú follasach é an €0.5 milliún atá curtha ar fáil i Meastacháin Athbhreithnithe mo Roinne mar allúntas ar leith don Straitéis ar thiomantas an Rialtais don ábhar. Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas mo Roinne tabhairt faoi ghníomhaíochtaí éagsúla a thacóidh leis an bpróiseas pleanála teanga ar an talamh. Áirítear anseo tacaíocht d'eagraíochtaí pobail chun cabhrú leo tabhairt faoi phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Question No. 34 answered with Question No. 29.
Top
Share