Skip to main content
Normal View

Clár Tógála Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 25 March 2014

Tuesday, 25 March 2014

Questions (351)

Éamon Ó Cuív

Question:

351. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cad é an staid reatha maidir le hathchóiriú scoile agus tógáil síneadh (sonraí leis seo); cad é an banda ar a bhfuil an scoil; cén chéim ag a bhfuil an scoil sa bpróiseas; cad é an costas measta don togra; cén tosaíocht atá ag an scoil i bhfianaise chomh mífheiliúnach agus atá an foirgneamh agus an plódú atá í gceist agus na foirgintí réamhdhéanta atá ag an scoil á dtógáil san áireamh ; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [13548/14]

View answer

Written answers

Is féidir liom a dheimhniú go bhfuair an Roinn iarratas mór caipitil ón scoil dá dtagraíonn an Teachta.

Mar is eol gan dabht don Teachta tugtar cuntas sa Phlean Tógála Chúig Bliana, a d'fhógair mé ar 9 Márta 2012, na tionscadail mhóra tógála a ndéanfar tosú ar iad a thógáil i gcaitheamh an phlean chun freastal ar fhás suntasach déimeagrafach. Sa chomhthéacs seo, níorbh fhéidir an tionscadal don scoil seo a chur san áireamh.

Le deireanaí, áfach, chuir údaráis na scoile togra athbhreithnithe malartach faoi bhráid i dtaca le síneadh ar an scoil chun freastal ar na riachtanais fhadtéarmacha cóiríochta a bheidh aici. Tá costas measta curtha ag an Roinn ar an togra seo, atá íogair ó thaobh na tráchtála de mar a thuigfidh tú.

Tá an Roinn gafa le pléanna mionsonraithe leis an scoil i dtaca leis an togra seo agus sa chomhthéacs sin tá mo Roinnse tar éis bheith i dteagmháil le déanaí le húdaráis na scoile faoin ngnó. A luaithe a bheidh freagra faighte beifear in ann an tionscadal a chur ar aghaidh a thuilleadh.

Top
Share